Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:00 pm
Dr. Kerron Ó Luain:
Ba mhaith linn i Misneach ár mbuíochas a ghabháil leis an gcoiste as cuireadh a thabhairt dúinn labhairt inniu. Tá an-mheas ag Misneach ar an obair atá á dhéanamh ag an gcoiste chun easpa chúram an Stáit i leith na Gaeilge a fhiosrú. Molann muid bhur gcuid iarrachtaí go nuige seo. Is grúpa ón mbun aníos é Misneach a ghníomhaíonn chun athneartú na Gaeilge a thiomáint agus todhchaí na teanga a chinntiú trí bheith ag obair le cosmhuintir na Gaeltachta agus na tíre i gcoitinne.
Creideann Misneach go maireann an Ghaeilge in Éirinn i dtrí chomhthéacs éagsúla: sa Ghaeltacht, san iar-Ghaeltacht sna Fiche-sé Chontae agus san iar-Ghaeltacht sna Sé Chontae. Tá riachtanais éagsúla sna limistéir dhifriúla seo, ach braitheann todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo áit ar bith ar na croíphobail sa Ghaeltacht a thabhairt slán ón tsáinn ina bhfuil siad. Dar linn go mbraitheann athneartú na Gaeilge go hiomlán ar shlánú na Gaeltachta. Mar is eol dúinn uilig, áfach, tá géarchéim theangeolaíoch sa Ghaeltacht inniu. Ní mhairfidh an Ghaeilge i bhfad eile mar phríomhtheanga phobail áit ar bith mura ndéantar gníomh radacach gan mhoill. Ní féidir aghaidh a thabhairt ar an gcruachás teanga seo gan aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna eacnamaíochta, sóisialta agus polaitiúla atá ag bagairt ar na pobail seo.
Tuigeann muid go bhfuil an coiste seo ag plé le leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá géarghá lena leasú gan dabht, rud atá ar an mhéar fhada ag an Stát le rófhada anois. Rinne craobh Bhaile Átha Cliath de Mhisneach moltaí don phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Ag deireadh an lae, creideann Misneach go bhfuil comhthuiscint fhairsing i measc phobal na Gaeilge faoina bhfuil ag teastáil leis an Acht sin a fheabhsú. Is é sin cur i bhfeidhm mholtaí an Choimisinéara Teanga ina n-iomláine, gan cheist. Dá dtabharfaí brí reachtúil don mhéid atá iarrtha ag an gCoimisinéir Teanga, níl aon dabht ach go gcuirfeadh sé go mór le cearta teanga sa tír seo. Mura bhfuil an Stát sásta an méid seo a dhéanamh gan mhoill, is ceap magaidh a bheidh sna pleananna teanga atá á n-ullmhú ag pobail Ghaeltachta ar fud na tíre faoi láthair.
Cé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Acht teanga láidir ann, creideann Misneach go bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí arís go rachaimid i ngleic go dáiríre leis na dúshláin reatha atá roimh an nGaeltacht agus go n-aithneofaí go hoscailte go bhfuil gá le hathrú ó bhonn ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeltachta. Cé gur fiú an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin mar chuid de phróiseas an díchoilínithe, léiríonn an taighde go gceapann formhór mhuintir na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge básaithe mar ghnáth-theanga má chailltear an Ghaeltacht. Is cailleadh é sin nach bhfuil i bhfad uainn mura ndéantar infheistíocht mhór sna pobail sin gan mhoill. Dar leis an saineolaí ar pholasaí teanga, an tOllamh Colin Williams, a bhí ag obair in Ollscoil Cardiff, teastaíonn féinriail pholaitiúil agus neamhspleáchas eacnamaíochta chun go mairfidh pobal mionteanga beo. Ar ndóigh, scrios polasaithe na déine iad seo i gcás na Gaeltachta le blianta beaga anuas.
Lochtach dá raibh sé, ba chéim mhór ar chúl é deireadh le toghchán Údarás na Gaeltachta, a thug ionadaíocht dhaonlathach de chineál éigean do mhuintir na Gaeltachta. Scriosadh feidhmiúlacht na heagraíochta sin freisin nuair a gearradh 75% dá mbuiséad, agus gearradh buiséad na Roinne Gaeltachta go cnámh freisin. Ní shin le rá go raibh rath an-mhór ar pholasaithe an údaráis fiú agus airgead acu. Mar is eol do chách, chuir go leor dá bhforbairtí le galldú na Gaeltachta le 30 bliain anuas agus imíonn a gcliantchomhlachtaí thar sáile chomh luath is a bhíonn an deontas caite. In ionad cur chuige infheistíocht dhíreach eachtrach an údaráis, molann Misneach comharchumainn oibre a bhunú ar fud na Gaeltachta ionas go mbeadh comhlachtaí i seilbh iomlán a n-oibrithe agus go mbeidís ag teacht le riachtanais a gceantar chun fostaíocht a chruthú agus deiseanna chun saol níos fearr a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta, agus go dtarlódh sé seo go hiomlán trí Ghaeilge.
Tuigeann Misneach gur labhair go leor saineolaithe eile leis an gcoiste seo cheana. Ní fios cé mhéad tuarascáil a scríobhadh faoi shábháil na Gaeltachta ó bunaíodh an Stát. Ní hea nach bhfuil moltaí ann - an fhadhb atá ann ná go ndéantar neamhaird orthu agus leantar ar aghaidh le polasaithe faillíocha a bhfuil an teangadhíothú mar thoradh orthu. Cé go bhfuilimid buíoch as an gcuireadh a bheith anseo inniu, caithfidh Misneach ceist amháin a chur. Cén mhaitheas atá ann bheith ag éisteacht linn, nó le haon ghrúpa eile, mura gcuirtear na moltaí agus na polasaithe seo ar fad i bhfeidhm i ndeireadh na dála? Ní comhairliúchán é mura ndéantar gníomh dá bharr. Tá Misneach agus pobal na Gaeilge ar fad tinn tuirseach den easpa tacaíochta agus gnímh ón Stát. Táimid tinn den easpa tacaíochta don phleanáil teanga, don Ghaeloideachas, do bhád Thoraí, do chearta feamainne agus do bhunchearta mhuintir an oileáin seo ar gach bealach.
Tuigeann Misneach go bhfuil greim ag an Roinn Airgeadais ar na Ranna Stáit is eagraíochtaí poiblí eile ar fad agus go bhfuil sé an-deacair dá bharr maoiniú cuí a fháil leis an obair seo a dhéanamh. Dar linn, níl ansin ach léiriú ar an ngá atá ann córas eile a chur i bhfeidhm a chuireann riachtanais chosmhuintir na tíre chun cinn, na Gaeil san áireamh, in áit a bheith ag sodar i ndiaidh lucht an rachmais mar atá faoi láthair. Tá troid le cur. Bua nó bás – fúinne atá sé.
No comments