Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Roibeard Ó hEartáin:

Tá moladh déanta againn a dhéanann iarracht é sin a chinntiú. Tá sé molta i ceannteideal 9, sa chéad mhír, gur chóir "comórtas ar leithligh do chainteoirí Gaeilge a reáchtáil do gach feachtas earcaíochta sa tseirbhís phoiblí do ghráid seirbhíse ginearálta arna riar ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí". Táimid ag moladh gur cheart na focail "agus arna riar ag gach comhlacht poiblí" a chur le sin. Chinnteodh sé sin go bhféadfaí an dá ghrúpa a bheadh ag teacht isteach in aon eagraíocht faoi leith a scagadh agus a bheith cinnte go bhfuil daoine le Gaeilge ag teacht tríd. Tá sé tábhachtach freisin a rá gur cheart go dtiocfadh an ráta earcaíochta ar chomhchéim, ar a laghad, leis an ráta scor. Níl aon dabht ach go bhfuil an-chuid daoine le Gaeilge tar éis imeacht ón earnáil phoiblí le tamall de bhlianta. Bhí Gaeilge an-bhreá ar fad acu. Níor tháinig cuid acu tríd an gcóras Gaelscolaíochta. B'fhéidir go raibh múinteoir maith Gaeilge acu sa bhunscoil agus thugadar an Ghaeilge leo. Tá siad imithe amach as na heagraíochtaí anois agus tá na heagraíochtaí níos laige ó thaobh an dátheangachas dá bharr.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.