Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:00 pm
Mr. Roibeard Ó hEartáin:
Is cinnte go bhfuil oifigigh Gaeilge in eagraíochtaí eile nach bhfuil aon eolas againn fúthu, agus nach bhfuil aon eolas acu siúd fúinne. Cuireadh an grúpa seo ar bun nuair a tháinig an reachtaíocht isteach. Cuireadh an cumann ar bun in 2004 nó 2005 mar shaghas fóram tacaíochta. Dar ndóigh, tá an rud céanna á dhéanamh ag oifigigh faoi leith in an-chuid réimsí den earnáil phoiblí. Níl aon slí againn le teagmháil díreach a dhéanamh leo, seachas an fón a phiocadh suas agus glaoch a chur ar gach aon eagraíocht agus ceist a chur.
No comments