Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Roibeard Ó hEartáin:

Dá bhféadfainn cur leis sin, maidir le córas TEG, is rud neamhspleách é, dar ndóigh, rud a bhaineann le Teastas Eorpach na Gaeilge. Baineann sé leis an Eoraip, baineann sé le caighdeán nó foghlaim atá leagtha síos in 25 nó in 26 cinn de theangacha éagsúla trasna na hEorpa. Tá sé neamhspleách sa mhéid is go gcuireann Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad na scrúdúchán ar fáil agus déantar athbhreithniú ar na scrúdúcháin a dhéanann Ollscoil Mhá Nuad ansin, is dóigh liom, ag Ollscoil Oxford, lena dheimhniú go bhfuil siad ag cloí leis na caighdeáin áirithe atá leagtha síos. Tá siad neamhspleách go maith agus tarlaíonn siad ar bhonn bliantúil agus sa mhéid sin is féidir le duine éigin tabhairt faoin scrúdú réasúnta éasca i gcaitheamh aon bhliain. Tá gné eile is dóigh liom atá fíorthábhachtach a bhaineann leis seo ar fad. Má dhéantar duine éigin a earcú isteach san earnáil phoiblí, a bhfuil an dá theanga líofa acu, tá sé fíorthábhachtach go mbeidh sé sin luaite sa chonradh atá acu, go bhfuil freagracht orthu seirbhísí a sholáthar trí mheán an Bhéarla agus trí mheán na Gaeilge. Tá sé sin fíorthábhachtach go ndéanfaí an pointe sin don fhostaí nua, don earcach nua, agus ansin nuair atá an duine tagtha isteach laistigh den chóras, tá réimse leathan cearta agus deiseanna eile gur gá cur in áit, ar mhaithe le go mbeadh deis ag an duine sin dul in airde sa chóras le go bhfeicfí ar an nGaeilge mar scil sa bhreis, go mbeidh buntáiste áirithe ag baint leis sin sa tslí chéanna is a bheadh ag ceardaí, dá mbeadh scil bhreise ag an gceardaí, ag an siúinéir, go mbeadh sé nó sí ábalta rud éigin sa bhreis a dhéanamh, go n-aithneofaí é sin laistigh den chóras. Tá na cearta sin fíorthábhachtach.

Gan trácht air, má tá duine éigin ag dul faoi agallaimh laistigh dá eagraíocht nó dá heagraíocht féin agus ag lorg ardú céime, tá sé tábhachtach go mbeadh deis ag an duine sin an Ghaeilge a úsáid nuair atá siad ag dul trí na hagallamh sin agus go mbeadh duine éigin, ar a laghad duine amháin, ar an mbord agallaimh laistigh den eagraíocht a mbeadh Gaeilge acu, chun an deis sin a thabhairt dóibh.

Tá réimse leathan rudaí eile ag teastáil nuair a thagann an duine dátheangach, nuair a dhéantar duine dátheangach a earcú isteach san eagraíocht. Is gá rudaí eile a chur in áit laistigh de na heagraíochtaí agus is gá, b’fhéidir, féachaint air sin ó thaobh na reachtaíochta de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.