Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Maidir le ceannteideal 10, fanann na scéimeanna i bhfeidhm ar aon chaoi go dtí go dtagann scéim eile ina háit. Má chinneann an Rialtas reachtaíocht nua a thabhairt isteach, agus cur chuige éagsúil a bheith aige, fanann na scéimeanna ar fad ann go dtí go dtiocfaidh a mhalairt ann. Ní gá dóibh tada a dhéanamh. Ní gá síneadh a chur leis mar fanann an scéim ann go dtí go dtagann an chéad scéim eile isteach. Bhí faitíos ormsa nuair a bhí mé ag tabhairt isteach an reachtaíochta in 2003 go dtiocfadh scéimeanna in éag mura mbeadh an Roinn in ann teacht ar chomhaontú leis na comhlachtaí poiblí sách sciobtha. Chuireamar foráil ann sa chás nach dtiocfadh scéim nua ann go bhfanfadh an seanscéim i bhfeidhm go dtí go dtiocfadh scéim nua.
No comments