Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé
5:00 pm
Mr. Julian de Spáinn:
Is ea. Sa tslí chéanna ina chuirtear a leithéid timpeall na Ranna ar fád, cuirtear chuig an gCoimisinéir Teanga é. An rud atá sa reachtaíocht na go gcaithfear aird a thabhairt ar na moltaí a thiocfaidh ar ais ón gcomisinéir. Dar ndóigh níl sé luaite go caithfidh na Ranna feidhmiú ar aon rud atá ráite ag an gcomisinéir ach go gcaithfidh siad aird a thabhairt dó. Sin an chéad rud. Is é an dara rud ná go mbeadh an Coimisinéir Teanga mar an duine gur féidir leis nó léi breathnú ar pholasaithe an Stáit i leith na Gaeilge nó i leith na Gaeltachta agus féachaint go neamhspleách an bhfuil ag éirí le pé Rialtais leis an obair atá geallta acu i gcibé straitéis atá acu. An sampla is fearr de sin ná an-----
No comments