Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Baineann sé sin freisin leis an gcóras a cuireadh ar bun i ndiadh fáil réidh leis na marcanna bónais. Tógadh anseo an córas seo agus dúradh go mbeadh 6% de na spásanna curtha ar fáil do dhaoine le Gaeilge. Ach dúradh freisin go mbeidh sé i gceist daoine le Gaeilge a fháil do phostanna ina n-aithnítear go bhfuil gá le Gaeilge. Dar ndóigh, níor aithníodh aon phost i ndáiríre. Níor aithníodh mórán post ina raibh gá le Gaeilge. Tháinig sé ar ais go dtí ceist an éilimh arís. Tá muid ag iarraidh sin ar fad a phairceáil nó a chur ar leataobh agus a rá gur theip air. Leis an reachtaíocht nua is féidir a rá go mbeidh 20% i gceist. Táimid ag rá go mba chóir é sin a bheith i bhfeidhm faoi 2020 toisc go gcaithfear, mar a dúradh níos luaithe, go mbeidh plean cuimsitheach ann a mbeidh maoiniú taobh thiar de agus go gcaithfear bogadh láithreach air seo. Más rud é agus muid ag cur plean mar sin le chéile go mbeadh síneadh le déanamh air ar fáth faoi leith, bheadh muid lánsásta breathnú air sin sa tslí chéanna ina bhfuil muid ag breathnú ar rud éigin a bheith réidh agus i bhfeidhm faoi dheireadh san Eoraip faoi 2021. Táimid ag breathnú go mbeidh sé sin ag feidhmiú i gceart faoin am sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.