Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 January 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá sé deacair mar Chathaoirleach agus tá sé deacair ar na baill freisin. Táimid anseo le beagnach bliain go leith ag déileáil leis na deacrachtaí atá ag muintir na Gaeilge ó thaobh seirbhísí a fháil ar chuile leibhéal. Sin an teachtaireacht an t-am go léir, in ainneoin na dea-thola atá i gceist. Táimid i sáinn. Táimid thar a bheith buíoch do na finnéithe teacht os ár gcomhair agus na ceisteanna a fhreagairt. Tá éacht déanta acu. Nílim ag iarraidh locht a fháil ar chor ar bith. Gabhaim míle buíochas le Ms Devlin, Mr. Uíbh Eachach, Mr. Finnegan agus Ms Gunn.
No comments