Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Nuair a tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach in 2003, bhí sé i gceist go mbeadh gach Acht á aistriú go comhuaineach mar tá dualgas bunreachtúil ann é sin a dhéanamh agus ansin go ndéileálfaí le na riaráistí. Sílim go raibh trí nó ceithre de bhlianta dóibh i gceist. Maidir le cuid de na riaráistí, faoin am go mbeadh an tAcht aistrithe, bheadh Acht nua ina áit agus, go pointe, ní bheadh an oiread éilimh ar na hAchtanna sin. An dtuigim ó na finnéithe nach bhfuil an rannóg ag aistriú na Billí atá le hachtú anois go comhuaineach, gan trácht ar tabhairt faoi na riaráistí? An aistrítear na Billí ar fad, mar shampla, i dTionól Náisiúnta na Breataine Bige? An éiríonn leis an dúshlán a shárú? Má éiríonn, cén chineál foirne atá aige chun é a dhéanamh? Cé na modhanna teicneolaíochta á úsáideann sé leis an jab a éascú? De réir mar a thuigim, bíonn go leor athrá i reachtaíocht agus, mar sin, tá sé an-fheiliúnach úsáid a bhaint as an teicneolaíocht. An dtarlaíonn sé riamh, nuair a bhíonn an rannóg ag aistriú Achtanna go Gaeilge, go bhfaigheann na haistritheoirí amach go bhfuil an Béarla thar a bheith lochtach? An bhfuil sé deacair Béarla lochtach a aistriú go Gaeilge mhaith?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.