Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Ó thaobh na reachtaíochta de, ina bhfuil suim faoi leith agam, an bhfuil na finnéithe ag rá go bhfuil 354 píosa reachtaíochta ann atá aistrithe ach ar a bhfuil eagarthóireacht le déanamh? An bhfuil botúin i reachtaíocht i gceist de bharr easpa foirne? An moill atá i gceist nó moill agus botúin? Baineann seiceáil botún le cúrsaí eagarthóireachta. Cad é an mhoill faoi láthair ó thaobh reachtaíocht a aistriú? Beidh mise ag cur deireadh le mo cheisteanna. De ghnáth ní thagaim isteach go dtí an deireadh. Sin maidir leis an reachtaíocht. Maidir leis an scéim teanga arís, tá béim faoi leith ar an aonad cumarsáide ar leathanach 15, "an t-aonad den tSeirbhís is mó a bhíonn ag plé leis an bpobal", agus leantar ar aghaidh mar sin. Cad iad na háiseanna agus an fhoireann atá ar fáil ansin? An dtabharfaidh an tUasal Finnegan soiléiriú faoin aonad cumarsáide?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.