Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 January 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais
5:00 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
An bhféadfainn ceist thánaisteach eile a chur? Leagadh cúraimí breise ar an tseirbhís ó thaobh an chaighdeáin oifigiúla de cúpla bliain ó shin. D'fhoilsíodh an caighdeán sin. An raibh dótháin acmhainní ag an rannóg le déileáil leis an obair bhreise sin nó an raibh sin tógtha ar an obair eile a bhí le déanamh? Dúirt roinnt teangeolaithe dom, agus ní shaineolaí teanga mise, go raibh deacrachtaí leis an gcéad leagan a gcuireadh i gcló agus gurbh éigean athchló a dhéanamh. Ar chruthaigh é sin deacrachtaí faoi leith ó thaobh úsáid an chaighdeáin oifigiúla?
No comments