Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an-bhrón orm go raibh orm seasamh amach, ach bhí mé ag labhairt sa Seanad. Má tá na ceisteanna seo curtha cheana féin, iarraim ar na oifigigh é a mhaitheamh dom.

Baineann an chéad cheist atá agam leis an bhfoireann atá san Oireachtas. Thar na blianta, tá mé tar éis aithne a chur ar go leor daoine a oibríonn anseo a bhfuil Gaeilge acu, ina measc daoine sa bhialann, uiséirí agus Státseirbhísigh ag leibhéil éagsúla. Bhraith mé ariamh go mbeadh sé an-úsáideach dá mbeadh baill foirne an Oireachtais in ann suaitheantas nó badge de shórt éigin a chaitheamh sa chaoi is go dtuigfeadh muid go bhfuil Gaeilge acu. Tá daoine sa seomra seo agus murach go raibh a fhios agam trí obair an choiste go bhfuil Gaeilge acu, bheinn ag siúl tharstu sna pasáistí i ngan fhios dom gur Gaeilgeoirí iad, agus gach seans ann gur Béarla a labhairfeadh muid le chéile. Nílim ag rá go gcaithfeadh fáinne bheith i gceist, ach suaitheantas de chineál éigin, b'fhéidir. Tá eagraíochtaí ar nós Gaillimh le Gaeilge agus Glór na nGael tar éis rudaí a dhéanamh ar nós suaitheantais le teachtaireachtaí mar "tá Gaeilge agam", "tá beagán Gaeilge agam" nó "úsáid do chuid Gaeilge liom" a chur le chéile. Bheadh a leithéid iontach úsáideach sa Teach seo ionas go dtuigfeadh muid cé hiad na daoine le beagáinín Gaeilge. Deireann na daoine le beagáinín Gaeilge liom gur mhaith leo níos mó Gaeilge a labhairt, ach go mbíonn siad cúthaileach. B'fhéidir go dtabharfadh suaitheantas deis dúinn comhrá Gaeilge a bheith againn leo.

B'fhéidir go bhfuil an cheist eile atá agam níos tromchúisí. Is dócha go mbaineann líon na mBillí atá fós le n-aistriú le Rannóg an Aistriúcháin. De réir mar a thuig mé cúpla bliain ó shin, bhí go leor leor Billí nach raibh aistrithe ag an am sin. Bhí riaráistí móra ansin. Bhraith mé gur bhain sé sin le easpa foirne, easpa tacaíochta, easpa acmhainne nó easpa áise sa rannóg. An bhfuil sé sin leigheasta? An bhfuil an rannóg tagtha suas go dáta ó thaobh na mBillí atá á n-aistriú? An bhfuil na haistriúcháin ag teacht ar aghaidh go comhuaineach, nó cá seasann muid leis na ceisteanna sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.