Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

An bhfuil deacrachtaí praiticiúla ann ó thaobh na maoir de? An é nach bhfuil siad in ann freastal ar na ranganna nuair atá siad ar fáil ós rud é go mbíonn siad ag obair ar feadh uaireanta fada? I mo thaithí, tá an-suim ag foireann na Dála ar chuile leibhéal sa Ghaeilge. Ní dóigh liom go bhfuilimid ag dul i ngleic leis an dúshlán atá ann ranganna a chur ar fáil ar amanna atá oiriúnach nó feiliúnach. Nach é sin cuid den fhadhb?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.