Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Mr. Vivian Uíbh Eachach:

Níl sé i gcáipéis. Tá an t-athbhreithniú sin ar siúl mar chuid de dhréachtú na scéime nua. Cuirfear i bhfeidhm sa scéim nua aon rud atá le foghlaim againn as an tseanscéim. Mar shampla, tá sé foghlamtha againn gur minic go dteipeann ar an teicneolaíocht na rudaí a dhéanamh. Sin rud amháin atá foghlamtha againn. Tá sé luaite cheana féin anseo go bhfuil sé foghlamtha go gcaithfimid a bheith gníomhach an t-am ar fad - gan glacadh leis go bhfuil rud curtha i gcrích nó go bhfuil daoine ar an eolas faoi. Is obair leanúnach é na nithe sin a chur chun cinn. Is dóigh liom go bhfuil na pointí sin foghlamtha againn as an tseanscéim.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.