Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Mr. Vivian Uíbh Eachach:

Is dóigh liom gur ceist acmhainní atá ann. Ní raibh na hacmhainní againn ag an am luí isteach láithreach bonn ar an scéim teanga a athnuachan. Is í sin an fhírinne. Táimid ag díriú ar an obair sin a dhéanamh anois. Creidim go raibh an ceart ag an gCathaoirleach ceist a chur maidir leis an méid atá foghlamtha againn as seo ar fad. Is dóigh liom go bhfuil sé foghlamtha againn go gcaithfimid a bheith réamhghníomhach. Is ceart dúinn bogadh ar aghaidh i gcónaí agus a bheith chun tosaigh maidir leis na rudaí seo go léir. Caithfimid féachaint ar na cuspóirí a bhí againn le scéim amháin chun a fháil amach cad iad na nithe ar éirigh leo agus cad iad na nithe nár éirigh leo. Sa dara cás, caithfimid anailís a dhéanamh ar na fáthanna nár éirigh leo. An é go raibh an locht orainn féin maidir le heolas a chur ar fáil, rudaí a bhrú chun cinn-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.