Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Oibríonn siad go dian. Tá an saghas oibre a bhíonn faoi chaibidil acu feicthe agam. Bíonn siad i dteagmháil le daoine ar bhonn laethúil. Is iontach an fhoireann iad. Cuireann siad na Teachtaí Dála agus na cuairteoirí ar a suaimhneas. Is iontach an dream iad. Tugann 100% dóibh siúd a thagann anseo ar cuairt ardmholadh do na maoir i gcónaí. Tá an t-ardmholadh sin tuillte acu. Déanann siad a ndícheall Gaeilge a labhairt, fiú muna bhfuil ach cúpla focal acu. Dúradh níos luaithe go bhfuil Gaeilge ag seachtar acu. Cad iad na deiseanna atá curtha ar fáil do na fir agus na mná sin a bhíonn ag déileáil leis an bpobal chuile lá?

Thosaigh mé leis an scéim teanga agus críochnóidh mé leis freisin. Tá díomá orm go bhfuil sé as dáta. Ní thaispeánann sé sin aon aois. Níl mé ag iarraidh bheith diúltach. Tuigim go bhfuil na hoifigigh faoi bhrú. Tuigim an turas atá ar bun acu chun an Ghaeilge a spreagadh agus a fhoghlaim. Is ón gcúlra sin atá mo chuid tuairimí á nochtadh agam. Cén fáth go bhfuil an scéim as dáta? Cén ceacht atá foghlamtha ag na oifigigh as an eachtra seo? An bhfuil liosta le feiceáil de na rudaí atá mícheart fós agus na rudaí atá foghlamtha de bharr na scéime? Nuair a bhí an Coimisinéir Teanga os ár gcomhair, fuaireamar sampla iontach den chur i gcéill atá i gceist go ginearálta maidir le scéimeanna teanga. Níl sé ráite ag an gcoimisinéir go bhfuil cur i gcéill i gceist, ach tá sé ráite aige go soiléir nach bhfuil na scéimeanna seo ag feidhmiú. Tá siad as dáta. Níl daoine ag cloí leo. B'fhéidir go mbeidh ceist nó dhó eile agam, ach iarraim ar na hoifigigh an dá cheist sin a fhreagairt i dtus báire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.