Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Mr. Vivian Uíbh Eachach:

Ba mhaith liom teacht thar n-ais chuig pointe amháin a luaigh an Teachta Ó Cuív. Tá sé luaite ag Teachtaí agus Seanadóirí eile linn freisin. Nuair a dhéanaimid rud amháin, ceapaimid go bhfuil sé go hiontach go bhfuil an méid sin déanta againn. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, faighimid amach nach bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil sé déanta. Tagann an pointe sin thar n-ais chugainn go minic. Luaigh an Teachta Ó Cuív an tseirbhís aistriúcháin comhfhreagrais atá againn le haghaidh Chomhaltaí an Oireachtais. Cheapamar go raibh an scéal sin curtha amach againn, ach ansin fuaireamar amach nach raibh an scéal ar eolas ag daoine. Fuaireamar amach nach raibh a fhios ag formhór na gComhaltaí mar gheall ar an litreoir nó spellcheck a chuireamar ar fáil le haghaidh na gComhaltaí go léir. Is dóigh liom go gcaithfimid glacadh leis go bhfuil freagracht orainn ní hamháin rudaí a chur ar fáil, ach freisin a chinntiú go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil siad ar fáil. Ba cheart dúinn an t-eolas sin a athnuachan go minic ionas go mbeidh a fhios ag Comhaltaí go bhfuil na seirbhísí seo ar fáil agus go n-úsáidfidh siad iad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.