Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

I am sorry, I have had kind of a mad day and therefore have not been here for all of the debate. If I am covering ground that has been covered tá súil agam go nglacfaidh na finnéithe le mo leithscéal. Tá rud amháin go bhfuil mé ina aghaidh agus is é sin earcaíocht gan chúis. Is é an fáth go bhfuil muid ag iarraidh go mbeadh daoine le Gaeilge sa gcóras ná le go mbeadh siad in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge dúinn. Mar sin, tá sé tábhachtach plean a bheith ann. Cén áit ina dteastaíonn na daoine seo? Tháinig sé mar nuacht domsa a fháil amach go bhfuil córas éigin gur féidir rudaí a aistriú do Theachtaí Dála. Go hiondúil, cuirim amach rudaí le haistriú nó iarraim ar an mbeirt i m'oifig féin a bhfuil Gaeilge acu iad a aistriú. Tá siad cruógach le ghnáthchúrsaí an lae seachas a bheith ag aistriú rudaí. Déanann siad a gcuid oibre trí Ghaeilge sa gcuid is mó seachas, mar shampla, preasráitis.

Níl a fhios agam cén sholáthair atá ann, mar shampla, sa gcóras leabharlainne agus taighde le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Mar shampla, má tá Teachta Dála ag iarraidh rud a bhaineann leis an nGaeilge an féidir leis nó léi ríomhphost a chur i nGaeilge ag rá go bhfuil sé nó sí ag iarraidh an rud sin? An mbeadh an Teachta in ann é a fháil agus a ghnó á dhéanamh trí Ghaeilge aige nó aici seachas é a aistriú go Béarla chun an rud a fháil?

An dara rud gur féidir a dhéanamh go héasca ná i bhfad níos mó Gaeilge a chur ar na scáileáin. Nuair a thagann gasúir isteach ó na Gaelscoileanna - agus tagann go leor - nó gasúir ón nGaeltacht, nó duine ar bith le Gaeilge, sílim go bhféadfadh na scaileáin a rá cibé rud atá siad ag rá i mBéarla agus ansin go n-athródh an scáileán tar éis nóiméad agus go ndéarfadh sé an rud céanna i nGaeilge, ar nós na busanna i mBaile Átha Cliath. Bheadh sé sách éasca mar bhíonn go leor de na focail ar na rudaí sin caighdeánach go leor. Mar shampla, bíonn teidil na mBillí ar fad aistrithe ar aon chaoi so níl le déanamh ach iad a chur ar an scaileán tríd an gcóras ríomhaireachta.

Agus muid ag dul ar aghaidh, caithfimid aghaidh a thabhairt ar na buanna éasca gur féidir a fháil le beagáinín dua a bhaint amach i dtosach - mar a deirtear i mBéarla, na "quick wins". Mar is léir, tá sé an-éasca déileáil le rud ar bith atá le déanamh mar a chéile arís agus arís eile, ar nós na scaileáin teilifíse, nó le rud ar bith atá aistrithe ar chúinse eile. Bheadh sé níos deacra dá ndéarfaí go gcaithfidh Gaeilge a bheith ar chuile dhuine d'fhoireann na dTithe. Níl sé sin praiticiúil agus caithfidh mé sin a thuiscint. Is proiséas níos moille é sin. Cheap mé, nuair a bhí smaoineamh á dhéanamh agam air, gurb í eochair na ceiste seo ar fad ná go n-aithneofaí líon na bpoist ina dteastódh Gaeilgeoirí le seirbhís a thabhairt - áiteanna inar bhféadfaí a bheith ag súil go mbeadh éileamh réasúnta ar sheirbhís - agus go gcuirfí na daoine le Gaeilge isteach ansin.

Ina choinne sin, tá sé an-tábhachtach nach sáinneofaí daoine atá líofa sa nGaeilge sna poist sin mar, ach an oiread le duine ar bith eile, beidh siad ag iarraidh dul ar aghaidh sa gcóras agus ba cheart go mbeidís in ann léim amach agus isteach. Caithfear níos mó Gaeilgeoirí ná poist le riachtanais Gaeilge a bheith sa gcóras mar, mura déantar é sin, beidh an Gaeilgeoir sáinnithe ach ní bheidh sé nó sí ag iarraidh a adhmháil gur Gaeilgeoir é nó í. Cé atá ag iarraidh a bheith sáinnithe i gcóras na Státseirbhíse? Is é an gnáthrud ná go dtéann duine ó executive officer go higher executive officer go assistant principal go principal officer agus mar sin de tríd an gcóras. Cén fáth nach mbeadh Gaeilgeoir ag iarraidh é sin a dhéanamh ach an oiread le duine ar bith eile? Is dóigh go bhfuil mo chuid ráite.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.