Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an ceart ag an gCathaoirleach. Aontaím léi go huile is go hiomlán. Tá cúpla pointe beag eile gur mhaith liom díriú isteach orthu. Mar a luaigh na finnéithe, tá an fhoireann ar fáil chun gnó a dhéanamh trí Ghaolainn agus na turasanna a chur ar fáil. Mar shampla, nuair a tháinig turas scoile ó mo cheantar féin le déanaí, bhíodar in ann an turas a fháil trí Ghaolainn. Sin mar ba chóir go mbeadh sé. Bhíodh leabhrán ann cheana féin ar thug an-chuid eolais mar gheall ar an Tig féin agus ar ról na Teachtaí agus mar sin de. Níl a leithéid ar fáil a thuilleadh ar chúis éigin. Ní fheadar cén fáth. An bhféadfaí a leithéid a chur ar fáil?

Ar thaifid na gcruinnithe, na cruinnithe anseo mar shampla, is cosúil go bhfuil saghas fráma Béarla ann agus go bhfuil an Ghaolainn plugged isteach ann. Nuair a fhéachtar ar na miontuairiscí tá córas Béarla ann agus ansin tá an Ghaolainn plugged isteach ann. Ba chóir go mbeadh sé sin ceartaithe. Tá spriocanna ag an tseirbhís i gcomhar foireann a earcú a bhfuil Gaolainn acu. Cén líon daoine a bheidh i gceist? An bhfuil plean ann chun breis dhaoine a earcú nó cad é an plean ansin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.