Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an tuarascáil atá cloiste againn. Molaim an obair atá déanta agaibh agus an tsuim atá ag muintir an tí seo ach go háirithe i gcúrsaí Gaeilge agus labhairt na Gaeilge. Má bhíonn an díospóireacht bríomhar agus má bhíonn sé sa Dáil, agus má bhíonn sé trodach, mar a déarfá, bíonn i bhfad níos mó daoine ag féachaint ar an teilifís agus bíonn níos mó suime ag daoine ann. Nuair a bhíonn tú ag labhairt as Gaeilge, ní bhíonn an oiread sin eolais ag gach duine faoin ábhar, ach ó thaobh cheannairí na bpáirtithe go léir de, tá Gaeilge acu, agus úsáideann siad é. Más rud é go raibh níos mo Gaeilge á húsáid sa Dáil, bheimis ag rá leis na ceannairí go mbeadh níos mó bríomhaireachta as an úsáid a bhainfí as an nGaeilge. Dá mbeadh sibh ag cuidiú leis sin, bheadh níos mó daoine ag léamh na Gaeilge agus ag éisteacht léi, agus b'shin an fhírinne. Ó thaobh a professional point of view, tá sibh ag déanamh bhur ndícheall agus níl aon dabht faoi sin ar chor ar bith. Molaim an tsuim agus an caiteachas atá déanta ansin ach chaithfí gur fiú an caiteachas seo. The investment must have a return on it. Agus is é an toradh air sin na níos mo bríomhaireachta, nó níos mo dátheangachais, more bilingualism. Táim anseo le 20 bliain anois, idir a bheith i mo Sheanadóir agus i mo Theachta Dála, agus tá níos mo Gaeilge á húsáid sa Teach anois ach ba chóir go mbeadh níos mó á dhéanamh againn. Agus an rud deireanach, bhí tvuíteanna le déanaí ann maidir leis na daoine a raibh an Ghaeilge is mó á húsáid acu, agus comhaireadh líon na bhfocal a bhí ráite acu. All of our Irish words were counted. I thought that was good to have a league table of those who use the most Irish: I think that is good and constructive. Regretfully I believe I was on 128 words at the time but that was over a short period so I am going to catch up with the likes of Deputy Éamon Ó Cuív, who had a couple of thousand. Is rud maith é go bhfuil sé sin ag titim amach agus go mbeadh níos mó Gaeilge á húsáid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.