Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Mr. Peter Finnegan:

It is a valid point. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Beidh mé ag tabhairt mo ráiteas don choiste i nGaeilge ach beidh mé ag freagairt ceisteanna na gcomhaltaí as Béarla. Tá súil agam go mbeidh mé in ann iad a fhreagairt go sásúil. Fáiltim roimh an deis labhairt leis an gcoiste faoi sholáthair seirbhísí Gaeilge agus dátheangacha i Seirbhís Thithe an Oireachtais, ar bhonn cheistneoir an choiste a bhí ann le déanaí. Sa bhfreagra a thugamar ar cheistneoir an choiste, tugadh cur síos ar na réimsí ginearálta den tseirbhís Gaeilge. Sa ráiteas a cuireadh faoi bhráid an choiste le haghaidh an chruinnithe seo, leag mé amach réimsí sonracha a bhfuil tábhacht ag baint leo ó thaobh na Gaeilge de i dteannta roinnt forbairtí nua maidir leis sin. Tá na réimsí seo a leanas san áireamh ansin. Tá sé i gceist ag an tseirbhís béim a leagan ar an earcaíocht feasta ar líon dóthánach de dhaoine dátheangacha a earcú chun seirbhís a sholáthar sa dá theanga oifigiúla. Tabharfar tosaíocht do réimsí a mbíonn baint ag Comhaltaí agus ag an bpobal leo sa straitéis earcaíochta sin.

Sa scéim teanga Thithe an Oireachtais reatha tugann an tseirbhís gealltanais sna réimsí seo a leanas: comhfhreagras, stáiseanóireacht, bileoga eolais, foirmeacha iarratais, póstaeir, preaseisiúintí, seirbhís cuntair dhátheangach, an suíomh Idirlín, córais ríomhaireachta agus seirbhísí idirghníomhacha, comharthaíocht, úsáid na Gaeilge a spreagadh, inniúlacht Gaeilge Sheirbhís Thithe an Oireachtais a fheabhsú, oiliúint agus forbairt, agus faireachán agus tuairisciú maidir le comhlíonadh.

Maidir leis an aistriúchán comhuaineach le haghaidh na gcoistí, tar éis don tseirbhís athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar seo anuraidh, glacadh cinneadh an theicneolaíocht a bhaineann leis an tseirbhís aistriúcháin comhuainigh a chur ar fáil sna seomraí coiste eile. Tá an obair díreach curtha i gcrích chun seomra coiste 3 a fheistiú le haghaidh an aistriúcháin comhuainigh agus tá an obair ar siúl chun an tseirbhís a leathnú chuig an dá seomra cruinnuithe coiste eile.

Maidir le Bliain na Gaeilge 2018, tá sé beartaithe ag an tseirbhís clár imeachtaí agus gníomhartha a chur ar bun mar chuid de Bhliain na Gaeilge, a bhfuil na nithe seo a leanas san áireamh ann. Maidir leis an dátheangachas agus foireann a earcú, táthar ag súil go mbeidh an cur chuige seo ag teacht le héirim an Achta nua um teangacha oifigiúla. Cuideoidh sé leis an tseirbhís ó thaobh seirbhís dhátheangach a chur ar fáil agus cuirfidh sé le líon na gcomhaltaí foirne dátheangacha san Oireachtais. Cuideoidh cruthú leabharlann na Gaeilge leis na Comhaltaí agus leis an bhfoireann feabhas a chur ar a scileanna léitheoireachta agus tabharfaidh sé deis díobh freisin taitneamh a bhaint as litríocht na Gaeilge. Soláthrófar seomra acmhainní don Ghaeilge ar champas an Oireachtais ina mbeidh teacht ag Comhaltaí agus ag an bhfoireann ar acmhainní Gaeilge agus ina mbeidh siad in ann teacht le chéile chun Gaeilge a labhairt.

Déanfar clár ócáidí sóisialta i nGaeilge a eagrú do Chomhaltaí agus don fhoireann. Cuirfear an bhéim go príomha sna himeachtaí sin ar ócáidí dátheangacha agus ar ócáidí dóibh siúd nach bhfuil acu an cúpla focal. Déanfar socrú maidir le nasc a dhéanamh le stáisiúin raidío Ghaeilge. Beidh san áireamh ansin craoltaí ón Oireachtas a mbeidh Comhaltaí agus an fhoireann páirteach iontu.

Beidh san áireamh ansin craoltaí ón Oireachtas a mbeidh Comhaltaí agus an fhoireann páirteach iontu.

Maidir le comóradh 1918 agus 1919, déanfar ócáidí i nGaeilge a eagrú mar chuid den chomóradh ar Cheart Vótála na mBan agus ar an gCéad Dáil.

Maidir le gluais na mBillí, cuirfear gluais téarmaíochta Gaeilge ar fáil le haghaidh Billí mar chuid den Bills Digest. Cuideoidh an ghluais sin le Teachtaí agus Seanadóirí chun Billí a phlé trí mheán na Gaeilge sna Tithe. Táimid muiníneach go mbeidh toradh maith ar an tionscnamh breise seo.

Maidir leis an gCaighdeán Oifigiúil, mar is eol do na comhaltaí, rinneadh athbhreithniú cuimsitheach ar an gCaighdeán Oifigiúil agus foilsíodh é sa bhliain 2016 de réir na n-oibleagáidí reachtúla atá orainn faoi na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais. Cuireadh i gcló arís é sa bhliain 2017. Rinneadh an t-athbhreithniú a stiúradh le hionchur ó shaineolaithe seachtracha de réir na nAchtanna agus cuireadh an-fháilte roimh an gCaighdeán leasaithe.

Maidir le Suíomh Idirlín an Oireachtais, déanfar an suíomh a sheoladh sna seachtainí beaga atá romhainn amach. Go dtí seo tá suas le beagnach ceathrú milliún focal de théacs statach próiseáilte le haghaidh aistriúcháin. Tá sé sin go léir ar fáil go dátheangach faoi láthair ar an suíomh gréasáin nua. Is ionann é sin agus 99.87% den téacs statach uile ar an suíomh.

Maidir le cláir chomórtha do 2018 agus 2019, tá an póstaer, an bileoigín agus an leabhrán le haghaidh chomóradh 2018 ar fad ar fáil go dátheangach. Tá an t-ábhar ar fad ar an suíomh gréasáin ar fáil go dátheangach freisin. Déanfar an t-ábhar clóite agus an t-ábhar digiteach a bhainfidh leis an gclár Vótáil 100 a tháirgeadh go dátheangach.

Tionólfaidh Teach Laighean agus Teilifís an Oireachtais léacht Ghaeilge le Máire Geoghegan-Quinn chun comóradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge agus ar thábhacht ár dTeanga Náisiúnta in obair an Oireachtais. Tionólfar Díospóireachaí na nÓg i Seanad Éireann, agus tá duine de na hiarratasóirí ar éirigh leo tar éis a rá go nglacfaidh sí páirt as Gaeilge.

I rith Samhraidh 2018, beidh taispeántas ar siúl i dTithe an Oireachtais ina mbeidh déantáin, íomhánna agus ephemera lena ndéanfar ceiliúradh ar obair ghluaiseacht na sufraigéidí is comharthaí dátheangacha a bheidh ag gabháil leis na taispeántais ar fad.

Maidir le Clár Cuimhneacháin 2019, beidh an cur chuige céanna i gceist. Agus sinn ag beartú dár gcláir le haghaidh 2018 agus 2019, beidh ár dteanga náisiúnta go mór san áireamh agus sinn ag plé leis an bpobal.

Tá roinnt gnéithe tábhachtacha Gaeilge i gClár Oideachais an Oireachtais mar a leanas. Aistreofar na pleananna ceachta go Gaeilge chun go mbeidh siad ar fáil lena n-úsáid i scoileanna. Seolfar na pleananna chun go mbeidh siad ar fáil d'fho-choiste le linn Sheachtain na Gaeilge.

Maidir le Lá Eorpach na dTeangacha, an 26 Meán Fómhair 2018, eiseofar leathanach foclóra ar a mbeidh aistriúcháin ar nathanna cainte a úsáidtear go minic san Oireachtas. I rith 2018, mar chuid de Bhliain na Gaeilge, seolfar acmhainní éagsúla lena n-úsáid i seomraí ranga chun infheictheacht, líofacht agus tuiscint ar an róI a bhíonn ag an nGaeilge in obair an Oireachtais a chur chun cinn. Tá an tOifigeach Oideachais líofa sa Ghaeilge agus is féidir leis an oifigeach sin plé le grúpaí scoile as Gaeilge.

Díreoidh mé anois ar Rannóg an Aistriúcháin. Ba mhaith liom an coiste a thabhairt cothrom le dáta maidir le forbairtí a bhaineann le hobair Rannóg an Aistriúcháin. Tugann Rannóg seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil don Choimisiún agus é ag comhlíonadh a chuid dualgas reachtúil ó thaobh na Gaeilge de. Tacaíonn sé le gnó na dTithe agus na gcoistí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Sa bhliain 2016, cuireadh leis an acmhainn eagarthóireachta sa Rannóg trí thrí phost nua a chruthú agus folúntas a bhí ann le fada a líonadh. Sa bhliain 2017, cuireadh leis an acmhainn riaracháin trí dhá phost nua, cléireach sóisearach agus oifigeach cléireachais, a sholáthar. Táthar ag tabhairt aghaidh ar na hacmhainní teicniúla freisin agus tá bogearraí nua den saghas is déanaí agus is fearr faighte ag an Rannóg.

Ar leibhéal níos bunúsaí, tá athbhreithniú seachtrach ar acmhainn agus ar chultúr an ionaid oibre coimisiúnaithe againn. Leis an athbhreithniú sin, déanfar tátal a leagan amach agus moltaí a chur ar fáil maidir leis an leibhéal cuí táirgiúlachta agus foirne maidir leis an struchtúr oibre agus maidir leis na bpróisis bainistithe athraithe is gá a bheith ann chun tacú le timpeallacht dhearfach oibre sa Rannóg. Beidh plean forghníomhaithe mar chuid den Athbhreithniú agus beidh sé sin go hard ar ár gclár oibre againn le linn 2018.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don choiste as an deis a chur fáil dom cur síos a dhéanamh ar na slite éagsúla ar a dtugann Seirbhís Thithe an Oireachtais aitheantas agus tacaíocht don phríomhtheanga oifigiúil agus sinn ag obair chun fónamh do Thithe an Oireachtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.