Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 January 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá ceathrar comhaltaí i láthair so is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Gabh mo leithscéal go bhfuil mé beagáinín deireanach. De ghnáth ní bhím ach bhí ceist agam agus ní raibh mé ag iarraidh an deis a chailliúint. Tá leithscéalta faighte ón Seanadóir Brian Ó Domhnaill agus ón Seanadóir Joe O'Reilly. Inniu táimid chun plé a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Cuirim céad míle fáilte roimh Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann agus an tArd-Rúnaí; Elaine Gunn, an leas-ardrúnaí; Vivian Uíbh Eachach, an Príomh-Aistritheoir; agus Máirín Devlin, príomhoifigeach in Oifig an Choimisiúin Thithe an Oireachtais. Is Bliain na Gaeilge í. Is cuma cén bhliain atá ann, ba mhaith linn béim a chur ar an nGaeilge - is í ár dteanga í - ach go háirithe sa bhliain seo. Beidh cur i láthair againn. An mbeidh na finnéithe go léir ag caint nó duine amháin? An tUasal Finnegan féin a dhéanfaidh an cur i láthair. Okay. Ansin beidh ceisteanna. Maidir lenár ndualgais faoin reachtaíocht, tá píosa le rá ag an gcléireach.
No comments