Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 November 2017
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
1:30 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá rudaí dearfacha ag dul ar aghaidh sna Gaeltachtaí fosta. Tá daoine ag iarraidh freagraí ar cheisteanna, eolais agus sonraí fadúda rudaí difriúla tríd an bhealach polaitiúla. Agus é sin ráite, tá tionchar ollmhór sna ceantair Gaeltachta. Mar shampla, sa Rinn i gContae Phort Láirge, bhí comhlacht gloine ag obair ar bhronntanas do Donald Trump. Ag tús na bliana, thug an Teachta Enda Kenny bronntanas ó cheantar Gaeltachta do Donald Trump - crystal vase nó rud mar sin. Níl an focal Gaeilge faoi choinne crystal vase ar eolas agam. I nGallimh, ceantar an Teachta Ó Cuív, tá an comhlacht HID Global ann. I mo cheantar féin, tá Rapid Action Packaging ann. Tá cuid mhór infheistíochta ag dul isteach. Rinne mé cinneadh i mí Lúnasa €1.5 milliún breise a thabhairt don údarás. Tá spás mór ann agus tá deiseanna faoi choinne fostaíochta breise a fháil ann fosta. D'fhógair Údarás na Gaeltachta go bhfuil comhlacht ag dul ar aghaidh sna Dúnaibh, mo pháróiste féin. Beidh 18 post ann thar trí bliana. Tá rudaí dearfacha ag dul ar aghaidh. Tá an ceart ag an Chathaoirleach maidir leis an laghdú. Bhí €26 milliún ar fáil in 2006 nó 2007 agus beidh €7 milliún nó €8 milliún i mbliana.
No comments