Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 November 2017

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Chairman:

Is é Údarás na Gaeltachta an t-aon eagraíocht fhorbairt fiontair a fuair an méid sin gearrtha siar ar a chuid buiséid. Ní bhfuair an IDA nó Enterprise Ireland an méid sin gearrtha siar ar chor ar bith. Is léir gur féidir le hÚdarás na Gaeltachta i bhfad níos mó a dhéanamh mar gheall ar chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht. Rinne mé féin agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh camchuairt ar na Gaeltachtaí thar timpeall na tíre. Is léir go bhfuil scéal difriúil ó gach ceann dóibh. Tá cinn dóibh lonnaithe in aice le bailte móra agus cathracha agus níl fadhb acu mar gheall ar chúrsaí fiontair agus fostaíochta. Tá siad ag maireachtáil ceart go leor. Tá go leor acu, go háirithe iad siúd atá ar imeall sna háiteanna iargúlta, atá thíos go huafásach mar gheall ar chúrsaí fostaíochta. Tá an dream óg imithe go huile agus go hiomlán. Tá cúpla ceann dóibh atá ag crochadh ar snáithe amháin. Tá siad i bponc. Ba cheart go mbeadh Údarás na Gaeltachta ar chomhchéim leis na heagraíochtaí eile mar gheall ar a chuid dhualgais fiontair. Ba cheart go mbeadh siad ceangailte lena chéile mar gheall ar an ábhar sin.

Tá rud eile le rá agam faoi Údarás na Gaeltachta. Tá pinsin na ndaoine atá éirithe as a gcuid oibre in Údarás na Gaeltachta íoctha as buiséad an údaráis. Ní hé sin an gnáthscéal in eagraíochtaí Stáit ar chor ar bith. De ghnáth bíonn na pinsin íoctha go lárnach ón Roinn. Tá muidne tar éis labhairt le daoine san údarás a deireann é seo arís agus arís eile. Má tá scéal ann atá difriúil, tá sé istigh in Údarás na Gaeltachta. Caithfidh sé a chuid buiséid a úsáid chun íoc as na pinsin. B'fhéidir go bhfuil sampla nó dó eile, ach ní hé sin an gnáthscéal atá ann. B'fhéidir go dtosnóimid ar an dá ceisteanna sin faoin údarás.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.