Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 November 2017

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Chairman:

Tá sin an-suimiúil ar fad gan dabht. Tá cúpla ceisteanna agam mar gheall ar gach rud. Sa chéad dréacht de cheannteidil an Bhille, bhí comharthaí bóithre tógtha san áireamh. Níl siad san áireamh anois. Bhí mé ag caint leis an Aire, an Teachta Ross, faoi. Dúirt sé nach raibh a fhios aige nach raibh siad tógtha san áireamh ach nach raibh sé pléite aige go díreach. B'fhéidir go bhfuil sé pléite ag oifigigh sa Roinn sin agus go bhfuil siad ag cur baic ar an phróiseas. De réir an Aire, an Teachta Ross, féin, níl fadhb ar bith aige leis an chló a bheith ar chomhchéim ar chomarthaí bóithre as seo amach. Impím ar oifigigh na Roinne dul ar ais go dtí an Roinn sin, gan bhacadh leis na daoine a bhí ag cur baic ar an rud, agus dul díreach go dtí an tAire, mar dúirt sé liom go mbeadh sé oscailte dóibh. Tá a fhios agam nuair a raibh an Taoiseach sa Roinn sin go raibh sé oscailte don mholadh. Ag an am sin bhí an Roinn ina choinne. Dúirt an Teachta Varadkar leo gur cheart féachaint air agus triail a bhaint as i pilot éigin. Ceapaim go mbeadh doras an Aire, an Teachta Ross, oscailte don Roinn ar an ábhar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.