Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 November 2017

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Maidir leis an údarás a bheith ag caint leis na dreamanna atá ag réiteach na pleananna, leithéid í muid féin i gCois Fharraige, tá an tAire Stáit ag cur an tAire, an Teachta Ross, i gcuimhne dom. Bíonn sé i gcónaí ag rá go bhfuil sé ar daoine caint le chéile. Déanann sé dearmad i gcónaí go bhfuil an sparán aige. Ní féidir leis an údarás mórán a dhéanamh ag caint leis na grúpaí mura dtugann an tAire Stáit an sparán dó. Tá nós ag an Rialtas seo ligean air féin nach bhfuil aon bhaint ag ceisteanna airgid leis an méid airgid gur féidir leis na heagraíochtaí seo a dháileadh. An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit breis airgid a thabhairt don údarás le go mbeidh sé in ann breis airgid a thabhairt do na dreamanna atá ag réiteach na pleananna teanga?

Maidir leis an bhForas Teanga, tá an digitiú agus rudaí mar sin fíor-thábhachtach. Níl mé ag déanamh beag is fiú de sin ar chor ar bith. Bhí sé i gceist forbairt mhór a dhéanamh ar na heagraíochtaí Gaeilge mar chuid den straitéis 20 bliain. An bhfuil an tAire Stáit le Rúnaí Stáit na Breataine a ligean deireadh a chur leis sin? Tá bealach timpeall air sin, is é sin go dtabharfaidh an tAire Stáit an t-airgead ón Roinn díreach go dtí na grúpaí a bhraitheann ar Fhoras na Gaeilge. Ansin is fadhb eile ar fad do lá eile céard a dhéanfaidh Rúnaí Stáit na Breataine. Tá súil agam nach bhfuil an tAire Stáit chun Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, a ligean srian a chur ar dul chun cinn na Gaeilge in Éirinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.