Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 November 2017
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
1:30 pm
Chairman:
Cuirim fáilte romhaibh go léir anseo inniu. We feel a little outnumbered today but we will do our best to have a good and decent engagement. Tá triúr comhaltaí i láthair agus is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Tá leithscéal faighte agam ón Teachta Martin Heydon agus tá Teachta Marcella Corcoran Kennedy anseo ina ionad. Iarraim oraibh bhur ngútháin póca a mhúcadh mar cuireann siad isteach ar an gcóras fuaime agus ar chraolachán an chruinnithe.
Inniu déanfaimid plé leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Teachta Heather Humphreys, maidir le Vóta 33, Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta - Meastacháin Athbhreithneithe. Cuirim fáilte roimh an Aire. Ceapaim go mbeidh an tAire Stáit, an Teachta Joe McHugh, linn níos deanái. Cuirim fáilte roimh na hoifigigh go léir freisin.
Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint.
Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.
Tósóimid leis an fhianaise. If an tAire would like to make a presentation to start with, we will then proceed with the debate.
No comments