Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

An bhfuil aon mhachnamh déanta ag an Roinn ar an chóras atá acu i gCeanada? Tá an Fhraincis agus an Béarla fite fuaite ansin. Cé nach bhfuil aon mhachnamh déanta agamsa air, óna bheith ag amharc air, cím go bhfuil briseadh síos ar fáil ag gach grád.

Tá an Fhraincis agus an Béarla ag 31.5% de na hoibrithe ag an grád is ísle i federal Government Cheanada, is é sin an grád riaracháin, agus tá an Fhraincis agus an Béarla ag thart ar 30% d'oibrithe ag leibhéal bainistíochta. Is é sin an córas atá i bhfeidhm ansin. Níl a fhios agam an bhfuil aon machnamh nó obair déanta ar sin. Tá ardú suntasach tagtha ar líon na foirne atá ag obair leis an dá theanga atá ann i gCeanada ó 10.4% go ginearálta i 1964 go dtí thart ar 30% inniu. Obviously tá rud éigin ag obair go maith ansin. B'fhiú breathnú ar sin.

Tá sé tábhachtach go mbeidh na boird Stáit go léir clúdaithe faoin reachtaíocht. Go minic bíonn cinntí móra polasaithe le déanamh ag boird Stáit a bhfuil tionchar acu ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tá sé tábhachtach go mbeidh na ndaoine ar na boird sin clúdaithe faoin reachtaíocht seo. Tá sé ráite ag Dr. Mac Cormaic ina ráiteas gur chuspóir é seo. Tá súil agam gur níos mó ná cuspóir é. Tá súil agam go mbeidh reachtaíocht dhaingean ann agus go mbeidh remit dlíthiúil ag an Stát í a chur i bhfeidhm. Tá sé maith go leor mar chuspóir. Is rud maith cúspóir. Tá go leor cuspóirí againn uilig. Beidh cuspóirí ag gach duine tar éis na Nollag meáchan a chailleadh, ach ní hionann cuspóir agus cailleadh meacháin. Caithfidh níos mó ná cuspóir a bheith againn.

Tá a fhios agam go raibh ceist faoi mhúinteoirí bunscoile ag an Seanadóir Ó Clochartaigh fosta. Tá beirt dheirfiúr agam féin a tháinig amach ó cheann de na coláistí oiliúna do mhúinteoirí. Tá a fhios agam go bhfuil géarchéim mhúinteoirí bunscoile ann faoi láthair. Ó thaobh an chórais oideachais do mhúinteoirí bunscoile sna hinstitiúidí tríú leibhéal, anseo sa chathair agus in áiteanna eile, an bhfuil aon rud sa reachtaíocht chun an córas oiliúna a laidriú ó thaobh na Gaeilge de? An gcreideann na finnéithe go bhfuil sé láidir go leor? Deireann tuismitheoirí ó scoileanna Gaeltachta linn go minic nach bhfuil Gaeilge láidir ag cuid de na múinteoirí. Cén fáth go bhfuil sé seo ag tarlú nuair atá na coláistí oiliúna againn?

Ní fiú bheith ag dul síos bóthar amháin agus a bheith ag cruthú faidhbe in áit éigin eile. Caithfear an Roinn Oideachas agus Scileanna, agus na Ranna Stáit eile, a thabhairt ós comhair an chomhchoiste. Rinne Dr. Mac Cormaic pointe ó thaobh an proofing de - rural-proofing and language-proofing - but muna bhfuil an proofing ann trasna gach uile eagrais nó Roinn Stáit, ní oibreoidh sé. Caithfidh sé seo tarlú ón bhun aníos. Caithfidh a fhios a bheith ag páistí go bhfuil an Stát dairíre faoi seo agus iad cúig, sé nó seacht mbliana d'aois agus ag dul ar an scoil agus ag dul ar aghaidh go dtí an dara agus an tríú leibhéal. Caithfidh a fhios a bheith acu, dá rachaidís ar aghaidh lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, go mbeadh post acu ag deireadh an lae, agus go mbeadh deiseanna níos fearr acu. Ar a laghad, caithfidh deis níos fearr a bheith ag duine ó Dhún na nGall nó Contae na Gaillimhe, duine nach raibh an deis chéanna acu féin agus nach raibh duine ar bith den a mhuintir ag obair san earnáil phoiblí, a chuid scileanna Gaeilge agus cumarsáide a úsáid agus post a bhaint amach má tá Gaeilge láidir aige. Tá súil againn go mbeidh na postanna lonnaithe i gceantair taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath freisin.

Tá go leor deiseanna anseo. B'fhiú breathnú ar seo go fábhrach. Is deis mhór é sin don tír, don Stát, dár gcultúr agus dár n-oidhreacht. Tá súil agam gur níos mó ná cuspóir a bheidh ann agus go mbeidh sé níos buaine ná sin. Tá go leor cáineadh déanta againn ó thaobh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Bhí díospóireacht agam féin leis an Aire Stáit sa Seanad an seachtain seo caite faoi. Bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh agus daoine eile i láthair fosta. Dúirt mé nach bhfuil machnamh iomlán déanta ar an straitéis sin. Níl a fhios againn cá bhfuil muid. Leis an straitéis úr seo agus an Bille úr seo, an mbeadh remit ar an Roinn agus ar an Aire teacht ós comhair an choiste seo agus tuarascáil a thabhairt gach bhliain ar an dul chun cinn atá déanta? Gan sin, ní bheadh na figiúirí againn, ní bheadh an t-eolas againn agus ní bheadh an chinnteacht againn go bhfuil an tAcht ag obair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.