Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá lúchair orainn an deis a bheith againn an phlé seo a bheith againn. Bille tábhachtach an Bille seo agus tá sé tábhachtach go mbeadh an réamhscrúdú seo ann. Is deis maith é don choiste seo go bhfuil an deis sin againn. Tá cúpla ceist agam ag an phointe seo. Is é sprioc an Bhille seo ná leibhéal na Gaeilge san earnáil phoiblí a ardú agus an tseirbhís a chuirtear ar fáil ón Stát a bheith níos coithroime ó thaobh na Gaeilge de, rud nach bhfuil, de réir cosúlachta, ag tarlú trasna go leor de na Ranna Rialtais, eagraíochtaí Stáit agus comhlachtaí pobalbhunaithe faoi láthair. Ó thaobh an chórais mar atá sé faoi láthair, bhí seirbhís darbh ainm Gaeleagras ar fáil taobh istigh den Státchóras agus bhí deontais ar fáil do dhaoine a bhí ag obair san earnáil phoiblí chun dul go dtí an Ghaeltacht leis an Ghaeilge a bhí acu a fhorbairt nó leis an Ghaeilge a fhoghlaim, ach cuireadh deireadh leis sin. An féidir é sin a athbhunú taobh istigh den Bhille seo? Measaim go raibh buntáiste mór leis an scéim sin.

Ó thaobh an sprioc earcaíochta maidir leis an 20%, glacaim go mbaineann sé sin leis na comhairlí contae fosta. An mbaineann?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.