Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Go bhfios domsa, is rud an-chasta í an chomhraíocht bóithre. Tá go leor múnlaí ann. Bhí mé féin agus an tUasal Ó Conaire thall sa Bhreatain Bheag agus, i measc rudaí eile a bhíomar ag déanamh, bhíomar ag déanamh suntais de na comharthaí agus an stíl a úsáideann siad thall ansin.

Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí áirithe leis an múnla a úsáideann muide agus go bhfuil míshástacht ann i measc cainteoirí Gaeilge leis an gcóras atá ann, ach níl i gceist dul i ngleic leis sa mBille seo. Roinnt blianta ó shin, nuair a bhí an Taoiseach ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ag an am, más buan mo chuimhne, thug sé scéim phíolótach isteach ach ní dheachthas ar aghaidh leis sin ar fáth éicint. Is faoin Roinn eile atá an cúram sin.

Maidir leis na canúintí, ní dóigh liom go bhfuil aon duine ag iarraidh coinneáil daoine le cánúintí áirithe amach as an tseirbhís phoiblí. Ní hé sin a bhí i gceist ag an Teachta, dar ndóigh. Nuair a chasaim le daoine le Gaeilge sa Státchóras, feicim meascán de chanúintí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.