Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Déanfar na rialacháin astu féin. Is é sin an bealach ina dhéantar é seo. Bheadh sé an-chasta dá mbeadh rialacháin san Acht. Nuair atáthar ag plé leis an oiread sin comhlachtaí poiblí, ní mhaith le go mbeadh na rialacháin istigh sa phríomhreachtaíocht. Dá mbeadh ceann le leasú, bheith orainn teacht ar ais agus an proiséas a chur tríd na Tithe arís. Is fearr é a dhéanamh mar sin. Is é sin atá déanta sa Bhreatain Bheag freisin. Tá na rialacháin nó na caighdeáin istigh i rialachán. Is é sin an coincheap ach beimid ag súil go mbeadh muid in ann rud éicint a chur ar fáil mar phlécháipéis in éineacht leis an mBille le go dtuigfidh Baill céard faoi a bhfuil muid ag caint agus an Bille ag dul tríd na Tithe.

Bhí cúpla rud eile ag an Seanadóir. Ar an 20% agus an caighdeán a bheadh muid ag úsáid ina leith, déileálfaidh mé leis an gcaighdeán ar dtús. Tá cúpla rud ann a dhéanann an scéal casta. Arís, tá áiteanna ar nós an oifig atá againn sna Forbacha ina dhéantar an gnó uilig trí mheán na Gaeilge. Bímid ag súil go bhfaighimid daoine le hardchaighdeán scileanna teanga idir labhartha agus scríofa isteach ansin. Is beithíoch ar leith é sin. Caithfimid teacht ar bhealach le déileáil leis sin. Is ceann de spriocanna na gceannteideal é go mbeidh na hoifigí Gaeltachta uilig ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge amach anseo. Caithfimid bheith ar an airdeall faoi sin. Nuair a bhfaighfimid daoine isteach sna hoifigí sin, caithfimid bheith cinnte go bhfuil na scileanna ar ardchaighdeán acu. Tá sé difriúil ansin nuair a tagtar go dtí Ranna Stáit atá lonnaithe ar Shráid Chill Dara, mar shampla. B'fhéidir go dteastaíonn leibhéal difriúil Gaeilge ansin. Braitheann sé go leor ar an bpost agus ar an ngrád atá i gceist. Bheifí ag súil go mbeadh duine ar leibhéal príomhoifigigh nó leibhéal príomhoifigigh cúnta ag teacht isteach réidh le himeacht. B'fhéidir go mbeidh am ann le haghaidh oiliúint a chur ar dhaoine i gcuid de na grádanna eile. Sin ceann de na rudaí ar a gcaithfimid breathnú freisin.

I dtaobh an 20%, beidh sé thar a bheith dúshlánach é sin a bhaint amach. Is é bunaidhm an Achta seo ná daoine a fháil isteach sa chóras cé chomh sciobtha is atáimid in ann. Táimid ag dul tríd an rud ceannann céanna anois agus muid ag plé leis na hinstitiúidí Eorpacha ar mhaithe le deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge iontu. Tá siad ag cuardú daoine le hardscileanna - aistritheoirí agus dlítheangeolaithe. Níl daoine leis na scileanna sin ag titim ó na crainn. Caithfimid bheith réalaíoch faoi seo. Má táimid ag iarraidh daoine a fháil isteach sa Státchóras agus an cúota sin de 20% a líonadh, caithfimid caint faoi phroiséas fadtéarmach. Táimid ag caint faoi dul ag obair ar rud atá tosaithe cheana féin. Is é seo a bheith ag obair leis na scoileanna dara leibhéal agus cur ina luí ar na daltaí go bhfuil postanna amuigh ansin do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, nó go mbeidh siad ann, nuair a chríochnaíonn siad ag an scoil nó an ollscoil. Beidh sé sin thar a bheith lárnach sa phroiséas. Táimid tosaithe air sin agus tá feachtas ar siúl againn sna scoileanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.