Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 12 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Housing, Planning and Local Government

Electoral (Amendment) (No. 3) Bill 2014: Discussion

9:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

If there are questions from members when I conclude, I will answer the questions in the language in which they are asked. If somebody asks a question in English, I will answer in English, and if the question is asked in Irish, I will reply in Irish.

Ba mhaith liom i dtosach buíochas a ghlacadh leatsa, a Chathaoirligh, agus leis an gCoiste um Thithíocht, Pleanáil agus Rialtas Áítiúil as ucht an cuireadh labhairt libh inniu agus cúlra an Bhille Toghcháin (Leasú) (Uimh. 3) 2014 a chur in bhur láthair. Glacadh le Dara Céim an Bhille seo sa Dáil cheana féin d’aon ghuth agus ta áthas orm go bhfuil sé bogtha ar aghaidh anois go dtí an chéad Chéim eile, sé sin mionscrúdu ar an mBille. Tá thart fá 3,000 duine ag cónaí ar oileáin amach on gcósta i gceithre Dháilcheantar: Corcaigh Thiar Theas, Gaillimh Thiar, Maigh Eo agus Dún na nGall. Tá formhór mór de na hoileánaigh ag cónaí ar oileáin Ghaeltachta.

Faoi láthair tá soláthar i reachtaíocht a thugann cead do na cinn comhairimh tóghcháin a reachtáil ar na hoileáin ar laethannta atá níos túisce ná an lá vótála a shocraíonn an tAire trí ordú. An fáth a bhaineann le seo ná de bharr fadhbanna a bhí ann sa sean aimsir ó thaobh rochtain chuig agus ó na hoileáin. Le seirbhísi d’ardchaighdéain idir bháid agus eitleáin chuig na hoileáin anois, níl aon ghá anois leis an socrú seo, agus mar sin má ghlactar leis an mBille seo, cuirfear an soláthar seo ar ceal. Is fiú a lua freisin go mbíonn an vótáil ar an lá céanna leis an mórthír ar na hoileáin i gCorcaigh le fada an lá.

Tá na hoileáinigh le fada ag déanamh an cás go mba cheart go mbeadh deis acu siúd vótáil ar an lá céanna leis an mórthír ar bhonn cothromais. Sé na hargoínti atá acu ná go gcáilleann siad amach ar chuid de fheachtasaíocht le vótáil luath. Nuair a bhíonn vótáil ar an mórthír ar an Aoine gur mór an míbhuntáiste dóibh nuair a bhíonn sé ar an Déardaoin nó Céadaoin ar na hoileáin mar nach mbíonn go leor scoláiri, iascairí no daoine a bhíonn ag obair ar an mórthír in ann dul abhaile le vótáil ar na laethannta sin. Ní bhíonn an deacracht céanna acu leis an Aoine, ar ndóigh, dul abhaile agus vótáil tráthnóna Dé hAoine.

Ní bheidh an costas ag baint leis seo substaintiúil agus teaspánfaidh achtú na reachtaíochta seo go bhfuiltear ag éisteach leis na pobail is imeallaí sa tír.

Tá i gceist agam ag Céim an Choiste dhá leasú a mholadh ar an mBille: leasú ag déanamh an socrú céanna i dtaobh toghcháin áitiúla agus Eorpacha agus leasú a cheadódh do bhoscaí ó na hoileáin a bheith ag na hionaid comhairimh níos déanaí ná 9 a.m. lá an chomhairimh. Mar tharla gur luaigh an tAire an gá leis an dá leasú seo sa Dáil, tá i gceist agam dul i gcomhairle leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil faoi na leasuithe seo.

Is Bille an-ghearr é seo. Níl ann ach sé alt ar fad agus tá mé thar a bheith sásta glacadh le haon cheist a bheidh ag na baill, i mBéarla nó i nGaeilge. Freagróidh mé na ceisteanna sa teanga a chuirfear orm iad. Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na baill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.