Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

-----ar ais don údarás le dáileadh amach. Chuile uair a aistrítear airgead ó Roinn amháin do Roinn eile, cailltear cuid den airgead i gcostais riaracháin agus cuirtear rialacha nach bhfuil féiliúnach air. Pléifidh mé lá éigin eile é. Is ceist an-mhór é agus bím féin idir dhá chomhairle faoi. Níl me ag rá nach mbíonn. Go ginearalta agus go praiticiúil - ní go teoiriciúil - fuair mé amach go raibh sé i bhfad níos fearr má aithníonn an Aire atá freagrach as an nGaeltacht ag bord an Rialtais agus a bhfuil i gceannas ar an obair, go bhfuil €20 milliún do chlubanna óige na tíre, X le haghaidh na Gaeltachta - agus ba chóir é sin a thabhairt don údarás - agus go bhfuil Y le haghaidh cuid eile. Is sampla de sin an rud a rinne mé leis an scéim shóisialta tuaithe, RSS, agus Tús. Dúirt mé, i gcás na Gaeltachta, gur chóir an t-airgead iomlán a thabhairt don údarás, seachas na comhpháirtíochta, sa gcaoi nach mbeadh aon eagraíocht breise i gceist leis an nGaeltacht.

Pléfimid lá éigin eile é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.