Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Ba mhaith liom focal nó dhó a rá freisin ar an gceist a d'ardaigh an Seanadóir maidir le foinsí airgid. B'fhéidir gurb é an rud is tábhachtaí ar fad anseo ná go mbeadh daoine óga sna ceantracha Gaeltachta aitheanta mar spriocghrúpa iontu féin le thaobh maoiniú a chur ar fáil ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn faoi láthair ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do thograí óige. Sílim go mbeidh an próiseas sin ag teacht chun deiridh thart ar deireadh na bliana seo. Beidh leagan amach iomlán nua ag an Roinn ar chúrsaí airgid agus tograí óige á maoiniú acu. Tá dréachtliosta de na spriocghrúpaí ar a bheidh an Roinn ag díriú isteach, agus ag cur airgead ina threo, curtha le chéile cheana féin. Dá mbeadh daoine óige Gaeltachta luaite ansin-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.