Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Mr. Dómhnall Ó Braonáin:

Labhróidh mé faoi chursaí spóirt, srl. Tá gym thiar i Leitir Mór agus tá gym sna Forbacha, ach níl tada i gceantar Cois Fharraige. Toisc go bhfuil mé ag staid áirithe sa spórt - imríonn mé rugbaí, peil, iománaíocht agus a leithéid - bíonn mé ag iarraidh dul go dtí an gym go minic. Níl aon am ag mo thuismitheoirí. Tá mé gnóthach le staidéar, srl. Mar sin, tá mé ag iarraidh áit a bheadh sách gar dom go mbeinn in ann léim ar mo rothar le dul chomh fada leis, ach níl áis mar sin ann. Maidir le cursaí taistil, b'fhéidir gur cheart go mbeadh córas bus idir áiteanna ar nós an Cheathrú Rua agus Leitir Mór agus áiteanna ar nós an Spidéal nó Bearna. Molaim go mbeadh bus beag ag dul chuile uair an chloig nó mar sin taobh amuigh d'am scoile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.