Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Ní dóigh liom go reachtáladh. Choinnigh muid taobh istigh den Ghaeltacht é, cé go dtuigim go bhfuil go leor daoine as Chonamara ag freastal ar Choláiste na Coiribe. Chuir muid an suirbhé ar fáil ar an suíomh Idirlín surveymonkey.comfreisin le go mbeadh fáil ag daoine óga air. Rinne muid poiblíocht ar na meáin shóisialta agus mar sin de freisin. Chuir muid scéal thart ag clubanna óige. Fuair muid 399 suirbhé ar fad, figiúir atá réasúnta mar chéatadán agus atá ionadaíoch de dhaoine óga as na ceantair Gaeltachta.

Chomh maith leis sin, d’eagraigh muid cruinnithe réigiúnach le daoine, grúpaí, coistí pobail agus eagraíochtaí atá ag obair leis an óige nó a chuireann seirbhísí ar fáil di, chun a gcuid tuairimí a fháil freisin. D'eagraigh muid cruinnithe i mbeagnach gach ceantar Gaeltachta -Tír Chonaill, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí agus Corcaigh. Ba é Contae na Mí an t-aon áit nár éirigh linn cruinniú a eagrú. Rinne muid anailís ar thorthaí an taighde agus,as sin chuir muid an doiciméad seo le chéile.

Gabhfaidh mé trí chuid de na príomhphointí a tháinig amach as an straitéis. Dhírigh an chéad chuid den straitéis ar an saol sóisialta. Tríd agus tríd, breathnaíonn sé go bhfuil áiseanna maithe ar fáil i go leor de na ceantair Gaeltachta, ach b'fhéidir nach bhfuil fáil ar dhaoine óga orthu. Tá áiseanna ar nós hallaí spóirt, páirceanna peile agus rudaí mar sin ann, ach ní bhíonn sé chomh éasca sin ag daoine óga iad a úsáid go minic. Is í an áis is mó atá ag teastáil, dar le na daoine óga féin, ná ionaid buail-isteach. Ba é sin an rud is mó a tháinig amach as an taighde ar fad. Ba mhaith leo ionaid inár féidir le daoine óga imeachtaí a eagrú dóibh féin, nó díreach dul isteach agus a bheith ag caint agus ag comhrá le chéile. Ionaid don aoisghrúpa seo go háirithe - déagóirí - a bheadh ann. Is é sin an rud is mó atá ag teastáil uathu ag an bpointe seo. Tá ceann ar an gCeathrú Rua. Bhí sé oscailte roinnt blianta siar. Cuireadh ceal air agus dúnadh é ach tá sé oscailte arís le sé mhí anuas agus tá na daoine óga ag baint úsáid as. Is áis a bhfuil iad féin i gceannas uirthi, le cabhair agus tacaíocht ó oibrithe óige proifisiúnta. Leagan na daoine óga féin na himeachtaí, an clár agus pé rúd a bhíonn ann amach.

Tá gá le éagsúlacht spóirt dar le go leor daoine óga freisin. Tá béim ar an GAA, sacar agus rugbaí. I roinnt ceantar tá cumainn ann, go mórmhór cumainn GAA. Tá siad ann i mbeagnach chuile ceantar ach níl mórán rogha taobh amuigh de sin. Mura bhfuil suim ag duine óg i gcúrsaí peile, cúrsaí iománaíochta nó cúrsaí rugbaí, níl mórán gur féidir leis nó léi a dhéanamh i go leor ceantar. Tá formhór na ndaoine óga ina mbaill de chlub - club CLG don chuid is mó ach bíonn siad páirteach i gcumainn spóirt eile, clubanna óige, clubanna dramaíochta agus mar sin de freisin. Is dóigh go bhfuil sé tábhachtach ó thaobh an tsaoil shóisalta agus scileanna sóisialta a fháil go mbíonn deis ag daoine óga bheith bainteach le club nó ina mbaill de chlub.

Bíonn go leor daoine óga ag úsáid na meáin shóisialta beagnach chuile lá, rud nár chuir iontas ar aon duine. Glacann 91% de na daoine óga páirt. Bíonn siad ag úsáid na meáin shóisialta idir Facebook, Twitter, Instagram agus mar sin de. Is é an tábhacht a bhaineann leis sin ná gur bealach maith é chun eolas nó comhairle a chur ar fáil do dhaoine óga nó chun dul i gcion orthu. Má bhítear ag úsáid na meáin shóisialta b'fhéidir nach mian le na rudaí sin a dhéanamh sách minic. Tá fáil ar an Idirlíon nó ar leathanbhanda ag formhór na daoine sa bhaile. Dúirt 97% acu go bhfuil siad ar an eolas faoin gcontúirt a d'fhéadfadh a bheith ag baint le húsáid na meáin shoisialta - cibearbhulaíocht agus mar sin de. Dúirt 13% gur tharla a leithéid dóibh. Dúirt 92% de na daoine óga go mbeadh a fhios acu céard gur cheart dóibh a dhéanamh dá dtarlódh cibearbhulaíocht nó rud éigin mar sin dóibh agus iad ag úsáid na meáin shóisialta. Breathnaíonn sé go bhfuil siad ar an eolas faoi na contúirtí a d'fhéadfadh a bheith ann agus céard gur cheart dóibh a dhéanamh dá dtarlódh a leithéid dóibh.

Maidir leis na príomhmholtaí a tháinig chun cinn as an gcuid den straitéis a bhaineann leis an saol sóisialta, breathnaíonn gurb iad na hionaid buail-isteach an rud is mó atá na daoine óga féin ag iarraidh go mbeidh fáil acu air sna ceantair Gaeltachta faoi láthair. Ba mhaith leo daoine óga as na ceantair Gaeltachta éagsúla a bheith ag bualadh le chéile níos minice. Dúirt cuid mhaith nach mbíonn deis acu bualadh le daoine óga as ceantair Gaeltachta eile chomh minic agus gur mhaith leo. Ba mhaith leo daoine óga a bheith páirteach sa phróiseas forbartha pobail. Dúirt go leor de na daoine óga linn nach mbíonn daoine ag éisteacht leo nó nach mbíonn deis acu a gcuid smaointí agus tuairimí a chur chun cinn maidir lena bpobail fein agus maidir le na seirbhísí agus na háiseanna ar mhaith leo a fhéicéail sna pobail sin.

Tá cúrsaí oiliúna d'oibrithe óga agus do dhaoine a oibríonn sna clubanna go deonach ag teastáil freisin. Reachtálann tuismitheoirí go leor de na clubanna go deonach ina gcuid ama féin. D'fhéadfaí go leor gearrchúrsaí oiliúna a chur ar fáil dóibh. Ní dóigh gur cheart linn a bheith ag brath an iomarca ar oibrithe deonacha ach an oiread. Tá gá le daoine a chur faoi oiliúint sa gcaoi go mbeadh siad ábalta freastal ar riachtanais na ndaoine óga. Ba mholadh eile suíomh Idirlín a chruthú do dhaoine óga san aoisghrúpa seo. D'fhéadfaí go leor eolas agus comhairle maidir le cá bhfuil seirbhísí le fáil agus mar sin de a chur ar fáil do dhaoine óga trí suíomh Idirlín a bhunú a mbeadh bainistiú leanúnach á dhéanamh air agus a bheadh suas chun dáta go leanúnach.

Maidir le cúrsaí teanga, tá Gaeilge líofa ag 84% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé. Labhraíonn 70% acu an Ghaeilge go laethúil. Labhraíonn 59% í sa mbaile. Tá sé spéisiúil gur sa gcóras oideachais nó le múinteoirí is mó a labhraítear an Ghaeilge. Dúirt 92% de na daoine óga go labhraíonn siad Gaeilge lena múinteoirí nó sa scoil. Tá Gaeilge líofa ag beirt thuismitheoir ag 45% acu agus Gaeilge líofa ag tuismitheoir amháin ag 34%. Níl aon Ghaeilge ag tuismitheoirí 21% de na daoine óga. Is dóigh go míníonn sé sin an figiúr a thug mé níos túisce faoin gcuid acu nach labhraíonn Gaeilge sa mbaile. Labhraíonn 18% an Ghaeilge lena gcuid cairde go rialta. Tá 54% ina mbaill de chlub atá lonnaithe sa Ghaeltacht ach nach reachtáltar trí Ghaeilge. Breathnaíonn sé nach bhfuil roinnt de na clubanna agus cumainn sa Ghaeltacht á reachtáil go hiomlán trí Ghaeilge.

Chuir muid ceist ar na daoine óga céard iad na háiseanna a chabhródh leo an Ghaeilge a labhairt níos mó. Dúirt 40% acu gurb í an scoil an áis is mó a chabhródh leo an Ghaeilge a labhairt. Dúirt 16% go gcabhródh ionad buail-isteach leo an Ghaeilge a labhairt níos minice. Dúirt 12% go mbeadh sé cabhrach dá mbeadh an cumann CLG, nó pé cumann a mbíonn siad bainteach leo, á reachtáil trí Ghaeilge. Dúirt 11% go mbeadh sé cabhrach clubanna eile a bheith ar fáil, a fhreastlódh ar réimse níos leithne d'imeachtaí agus gníomhaíochtaí ina bhfuil spéis acu. Dúirt 4% go gcuideodh sé dóibh an Ghaeilge a labhairt sa mbaile agus dúirt 2% go mbeadh sé cabhrach í a labhairt lena gcairde.

Ag an am céanna, tuigeann go leor daoine óga go mbeidh an Ghaeilge ina buntáiste dóibh ina saolta amach anseo. Dúirt 32% go bhfuil an Ghaeilge ríthábhachtach dóibh agus dúirt 28% go bhfuil sí tábhachtach dóibh. Féachann go leor acu gur buntáiste é an Ghaeilge a bheith acu sa saol amach anseo. Dúirt 55% go mbeidh an Ghaeilge tábhachtach dóibh sa todhchaí.

Ba iad na moltaí is mó a tháinig amach as an bpáirt seo den suirbhé ná go dteastaíonn deiseanna sóisalta trí Ghaeilge taobh amuigh den chóras oideachais agus an baile uathu. Is rud é sin a tháinig chun cinn ag na cruinnithe réigiúnacha le na heagraíochtaí agus na daoine a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine óga agus a bhíonn ag obair leis an óige. Dúirt siad go bhfuil géarghá le háit, nó ionad, nó bealach inar féidir le daoine óga sóisialú lena chéile trí mheán na Gaeilge. Go minic, ní bhíonn na rudaí a bhíonn ar siúl acu nuair a bhíonn siad ag sóisialú - turais chuig an bpictiúrlann istigh sa mbaile mór nó rud éigin mar sin - á reachtáil trí Ghaeilge.

Ba mholadh eile na buntáistí agus na deiseanna a bhaineann le Gaeilge a chur ar a shúile do dhaoine óga sa gcaoi go dtuigfidís go mbeidh an Ghaeilge ina buntáiste dóibh sa saol amach anseo. Dúradh gur chóir aithint go dteastaíonn cur chuige difriúil sna ceantair nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir sin iontu níos mó. Teastaíonn cabhair uathu a bheadh i bhfad níos praiticiúla ón Roinn, a bhíonn ag plé le clubanna, le cumainn agus le coistí chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Teastaíonn rudaí chomh bunúsach le lipéid a chur ar rudaí nó comhairle faoin gcaoi ina chuirtear polasaí teanga chun cinn i gclubanna óige a thabhairt nó mar sin de. Teastaíonn breathnú ar na limistéir seo i bhealach beagáinín difriúil ó cheantar a bheadh láidir ó thaobh na Gaeilge de. Ba mholadh eile clár imeachtaí tarraingteach agus spraoiúil a chur ar fáil do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge sna clubanna, coistí, ionaid nó pé dream a bheadh ag plé leo agus go mbeadh na himeachtaí spéisiúil agus go mbeadh na daoine óga ag iarraidh bheith páirteach ann. Iarradh ar chabhair praiticiúil do chlubanna agus eagraíochta óige maidir le cur i bhfeidhm polasaithe teanga agus mar sin de.

Chuir muid roinnt ceisteanna sa straitéis faoi chúrsaí sláinte. Dúirt 27% de na daoine óga go mbíonn siad ag déanamh aclaíochta nó ag imirt spóirt gach lá. Bíonn 28% ag déanamh aclaíochta nó ag imirt spóirt cúig nó sé uaire sa tseachtain. Breathnaíonn sé gur dream aclaí go maith iad agus go bhfuil suim acu i spórt nó in aclaíocht. Ní raibh ach 6% a dúirt nach n-imríonn siad spórt nó nach ndéanann siad aclaíocht ar bith, am ar bith. Tá áiseanna maith ar fáil sna ceantair ach, mar a bhí mé ag rá níos túisce, b'fhéidir nach mbíonn deis ag daoine óga iad a úsáid ag am a oireann dóibh nó nach mbíonn sé éasca dóibh teacht ar na háiseanna seo. Tá páirc imeartha i mbeagnach chuile ceantar - 93%. Tá halla spóirt i go leor de na ceantair freisin. Dúirt na daoine óga go bhfuil gym i 50% de na ceantair agus tá rudaí ar nós páirceanna astroturf nó all-weather pitch, linn snámha agus pinniúr liathróid láimhe ann. Tá áiseanna réasúnta i go leor de na ceantair le haghaidh spóirt nó aclaíocht.

Dúirt 64% de na daoine óga go bhfuil go leor eolais acu faoi shlí maireachtála sláintiúil, is é sin faoi bhia folláin a ithe, aclaíocht a dhéanamh agus mar sin de. Bheadh a fhios ag 77% de na daoine óga cén áit a gheobhaidh siad eolas faoi shlí maireachtála sláintiúil nó cuinsí sláinte a chuireann isteach orthu. Ní dúirt ach 21% acu go mbíonn siad ag cuardú an t-eolais sin i nGaeilge. Níl a fhios agam an cheapann siad nár cheart go mbeadh an eolas sin ar fáil i nGaeilge sa nGaeltacht nó an bhfuil an oiread taithí acu ar go leor de na seirbhísí sláinte a bheith ar fáil i mBéarla. B'fhéidir nach bhfeiceann siad aon tábhacht ag baint le seirbhísí mar sin a bheith ar fáil i nGaeilge.

Chuir muid an cheist dá mbraitheadh daoine óga go raibh siad in isle brí, cá rachaidh siad chun cabhair a fháil? Dúirt 58% acu go rachaidís go saineolaí sláinte, b'fhéidir dochtúir áitiúil, siceolaí nó duine mar sin, ar dtús le cabhair a fháil. Dúirt 44% go rachaidís go ball eile den theaghlach nach athair ná máthair iad, b'fhéidir deirfiúr, deartháir, col ceathrar nó duine éigin mar sin. Labhródh 11% le cairde agus labhródh 1% le múinteoir. Is dóigh gur chúis imní é go bhfuil 16% ann a dúirt nach bhfuil fhios acu céard a dhéanfaidís dá dtarlódh sé go raibh siad in ísle brí. Tá roinnt cairteanna sa chur i láthair.

Maidir le na cúinsí sláinte is tábhachtaí do na daoine óga, dúirt go leor acu gurb í sláinte intinne an cuinse sláinte is tábhachtaí ar fad dóibh. Is dóigh go dtagann sé sin le go leor clúdach a bhíonn sna meáin sa lá atá inniu ann faoi thábhacht shláinte intinne agus cinntiú go labhraítear le duine éigin má bhreatnaítear go bhfuil fadhb ann le sláinte intinne.

Tá aclaíocht agus spórt ríthábhachtach do 54% de na daoine óga. Mar atá feicthe againn cheana féin, bíonn go leor acu ag imirt spóirt nó ag déanamh aclaíochta. Is rud atá tábhachtach ina saolta. Bhí sláinte gnéis tábhachtach do 45% de dhaoine óga agus bhí eolas ar mhí-úsáid drugaí agus alcól tábhachtach do 50% agus 38% faoi seach. Bhí cúrsaí sláinte go ginearálta tábhachtach do 41% agus bhí eolas ar bhia folláin tábhachtach do 38%. Sin iad na rudaí is tábhachtaí dar leo féin maidir le cúrsaí sláinte.

Ba iad na moltaí a tháinig amach as an gcaibidil seo ná gur cheart eolas agus ceardlainne a chur ar fáil do dhaoine óga ar ábhair faoi leith maidir le cúrsaí sláinte, mar shampla, sláinte intinne, mí-úsáid alcóil agus drugaí, sláinte gnéis, bia folláin agus mar sin de. Is eolas agus ceardlainne iad a bheadh bunaithe ar na cuinsí a dúirt siad féin go bhfuil siad tábhachtach dóibh. Ba cheart go mbeadh seirbhísí comhairleoracht ar fáil do dhaoine óga as Gaeilge sna ceantair Gaeltachta. Bhí roinnt múinteoirí as na meánscoileanna ag na cruinnithe réigiúnach agus dúirt siad go bhfuil clár áirithe sna scoileanna a bhaineann le sláinte intinne ach go minic, má theastaíonn cúnamh ó dhuine, caithfear dul go dtí an baile mór is gaire agus ní gá go mbeadh na seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Moladh go mbainfear úsáid níos fearr as na meáin shóisialta chun eolas a chur ar fáil do dhaoine óga faoi chúrsaí sláinte. Mar atá feicthe againn cheana féin, bíonn siad ar fad ag úsáid na meáin shóisialta go minic. B'fhéidir go mbeadh sé ina bhealach maith eolas a chur ar fáil dóibh nó insint dóibh cén áit a gheobhaidh siad comhairle má theastaíonn sé uathu.

Maidir le cúrsaí oideachas, tá formhór na daoine óga ag freastal ar scoileanna Gaeltachta agus múintear beagnach na hábhair ar fad trí mheán na Gaeilge sna scoileanna sin. Dúirt 27% nach féidir leo na hábhair ar fad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Níl a fhios agam cén fáth. B'fhéidir nach bhfuil dótháin múinteoirí le Gaeilge atá ábalta na hábhair a mhúineadh. Níl fhios agam céard atá taobh thiar de sin.

Ní féidir le daoine óga i roinnt ceantair na hábhair ar fad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge sa mheánscoil. Dúirt an chuid is mó de na daoine óga - 52% - go bhfuil siad ag cuimhneamh ar dul ar ollscoil nuair a bheidh siad críochnaithe sa mheánscoil. Dúirt 35% dóibh gur mhaith leo dul chuig coláiste tríú leibhéal. Breathnaíonn sé go bhfuil an t-uafás daoine óga as na ceantracha Gaeltachta - formhór acu - ag iarraidh dul ar aghaidh chuig oideachas tríú leibhéal. Níor dúirt ach 4% dóibh gur mhaith leo dul ag taisteal. Dúirt 9% dóibh gur mhaith leo post a fháil go háitiúil agus dúirt 5% dóibh gur mhaith leo post a fháil thar lear. Breathnaíonn sé go bhfuil go leor acu ag iarraidh fanacht in Éirinn agus oideachas tríú leibhéal a bhaint amach. Bheadh cuid mhaith de na daoine a dúirt gur mhaith leo dul ag taisteal ag súil le teacht ar ais go dtí an tír seo am éigin in dhiaidh sin.

Ba mhaith le 66% dóibh siúd a dúirt gur mhaith leo freastal ar oideachas tríú leibhéal filleadh ar a gceantracha dúchais nuair atá a gcuid cáilíochtaí tríú leibhéal bainte amach acu. Ar ndóigh, níl a fhios acu an mbeidh postanna ar fáil sna ceantracha Gaeltachta ag an am sin. Tháinig sé amach as na cruinnithe réigiúnda go mbíonn ar go leor daoine óga as na ceantracha Gaeltachta na háiteanna sin a fhágáil le haghaidh oideachas a fháil, agus ansin tá an fhadhb ann i gcónaí nach mbeidh fostaíocht ar fáil go háitiúil chun iad a mhealladh ar ais. Dúirt 72% acu go bhfuil an iomarca béime ar chúrsaí acadúla sa mheánscoil. Níl a fhios agam an bhfuil siad ag rá nár cheart go mbeadh aon bhéim ar chúrsaí acadúla sa mheánscoil. Is dócha go gcaithfidh béim éigin a bheith i gceist sa chóras meánscolaíochta go dtí pointe áirithe. B'fhéidir go bhfuil siad ag rá nach mbíonn an oiread sin deiseanna acu rudaí nach bhfuil chomh acadúil a dhéanamh sa mheánscoil freisin.

Baineann cúpla cairt eile leo siúd gur mhaith leo filleadh ar a gceantracha dúchais nuair atá siad tar éis cáilíochtaí tríú leibhéal a bhaint amach. Chuir mé ceist orthu an bhfuil ábhair eile gur mhaith leo staidéar a dhéanamh orthu nach bhfuil ar fáil ar churaclam na meánscoile faoi láthair, nó nach bhfuil ar fáil ina scoileanna féin. Fuair muid roinnt freagraí spéisiúla anseo. Is dócha gurb iad na rudaí is mó gur mhaith leo staidéar a dhéanamh orthu ná teangacha difriúla, ábhair saoránachta - cúrsaí polaitiúla, b'fhéidir - agus eolaíocht. Luaigh siad stair agus tíreolaíocht freisin, ábhair gur cheapfá go mbeidís ar fáil i bhformhór na scoileanna Gaeltachta cheana féin. Bhí ábhair cruthaitheacha ar nós ealaíon réasúnta ard go leor sa rangú freisin. Tá roinnt rudaí gur mhaith leo staidéar a dhéanamh orthu nach bhfuil ar fáil dóibh faoi láthair, b'fhéidir, sna meánscoileanna ar a bhfuil siad ag freastal.

Ba mhaith liom cur síos a dhéanamh ar na moltaí a tháinig amach as an gcuid seo den straitéis. Mhol formhór na bhfreagróirí gur cheart cúrsaí scileanna saoil a chur ar fáil. Dúirt na daoine óga go mbeadh fíorshuim acu gearrchúrsaí a dhéanamh sa mheánscoil ar scileanna saoil - cén chaoi le buiséad a dhéanamh, billí nó cáin a íoc agus mar sin de. Dúirt siad freisin gur mhaith leo go mbeadh níos mó gairm threoir nó comhairle faoi ghairm threoir ar fáil dóibh. Dúradh gur chóir go mbeadh níos mó eolais faoi printíseachtaí agus an tábhacht a bhaineann leo ar fáil do dhaoine óga. Sílim nár dhúirt ach thart ar 3% dóibh go raibh siad ag cuimhneamh ar phrintíseachtaí mar shlí bheatha nó mar phost amach anseo. Is dócha go bhfuil baint aige sin leis an lagtráth eacnamaíochta a bhí sa tír ar feadh tréimhse. B'fhéidir go gceapann daoine óga nach bhfuil obair buan le fáil as an earnáil phrintíseachta, agus go bhfuil siad níos fearr as ag freastal ar choláiste tríú leibhéal in áit bheith ag foghlaim céird.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.