Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá rud amháin gur mhaith liom a lua. Tá cuid againn anseo a bhfuil sé de nós againn anois Gaeilge a labhairt timpeall na Dála. Ba mhaith liom go dtuigfeadh na finnéithe nach rud é just a úsáidimid nuair atá siad ann ach go bhfuil slua daoine sa Dáil a úsáideann an Ghaeilge mar ghnáththeanga cumarsáide eadrainn fein. Bhí mé féin agus an Teachta Ó Domhnaill ar an gCoiste Talmhaíochta, Bia agus Mara sa Dáil deiridh agus caith muid ár dtréimhse ar an gcoiste ag caint lena chéile i nGaeilge, ní i mBéarla. Tá sé tábhachtach, mar cheapann daoine go mbaineann an Ghaeilge leis an nGaeltacht amháin nó whatever ach tá daoine thuas anseo ag úsáid an Ghaeilge mar ghnáththeanga eatarthu féin. Sílim go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfeadh na finnéithe é sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.