Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Ms Iseult Ní Fhoighil:

Bhí go leor den dream a raibh ina gcúntóirí ag freastal ar an gcoláiste agus an ollscoil. Bhí slua maith acu ag rá go raibh siadsan ag iarraidh fear a fháil, é a phósadh agus bogadh go dtí Conamara le bheith mar mhúinteoir bunscoile. Cheap mé go raibh siad craiceáilte go dtí gur thosaigh mé ag smaoineamh faoi. Má tá mise chun pósadh agus má tá mé chun gasúir a bheith agam, caithfear go mbeadh Gaeilge acu. Deirimse i gcónaí le mo chairde nach mbeadh mise in ann an celebrity sin a phósadh mar ní bheadh mó Dheaid sásta nach bhfuil Gaeilge aige. Tá an Ghaeilge really tábhachtach. Teastaíonn uaim go mbeidh Gaeilge ag mo ghasúir ag fás aníos. Bhí an Ghaeilge i gcónaí ann agus má chaillfimid í, hhuel ní ligfidh mé cead é sin a tharla riamh. Tá sé fíor-thábhachtach domsa go mbeidh mé in ann bogadh ar ais go dtí Conamara, Indreabhán preferably, nuair a fhásaim suas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.