Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 October 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas
5:00 pm
Ms Máirín Nic Fhionghuin:
Gabhfaidh mé tríd an gcur i láthair agus ansin beidh deis cainte ag an mbeirt óg. An bhfuil cóip den straitéis ag gach duine? Tá cúpla cóip le spáráil anseo. Cuireadh an straitéis le chéile mar chuid den phróiseas cónasctha idir Muintearas agus Óige na Gaeltachta. Cuireadh Óige na Gaeltachta faoi bhráid Mhuintearais sa mbliain 2015.
Mar chuid den phróiseas sin d’iarr Údarás na Gaeltachta orainn straitéis a chur le chéile a bheadh ábalta freastal ar riachtanais daoine óga sna ceantair Gaeltachta. Is é seo an toradh a bhí ar sin. Tá an straitéis dírithe ar dhéagóirí, an aoisghrúpa idir 12 agus 18 bliain d’aois. Feictear dúinn gurb é seo an áit ina bhfuil an soláthar is laige faoi láthair.
Cuireadh coiste comhairleach le chéile le hionadaithe as gach mór-réigiún Gaeltachta chun treoir agus stiúradh a thabhairt dúinn, go mórmhór leis an taighde a rinneamar. Feictear inár n-aighneacht na daoine a bhí ar an coiste. Bhí Peadar Ó Maoláin mar chathaoirleach, rinne Pól Mac Cumhaill ionadaíocht ar Thír Chonaill, rinne Eithne Ní Loideáin ionadíaocht ar Chonnacht agus Laighean agus bhí Clodagh Ní Fhlatharta ann thar ceann Chúige Mumhan.
Chuir muid suirbhé le chéile ina raibh 67 ceist ar fad a bhí bunaithe ar na téamaí a leanas: an saol sóisialta, an Ghaeilge, sláinte, cúrsaí oideachais, taisteal agus roinnt rudaí eile a bhí na daoine óga féin ag iarraidh a rá linn agus a bhí tábhachtach dóibh. Rinne muid ceardlainne sna meánscoileanna Gaeltachta. Chuir na scoileanna grúpaí ar fáil dúinn i ngach ceantar comhdhéanta de dhaoine óga san idirbhliain. Reachtáil muid ceardlainne i cúig scoil i dTír Chonaill, seacht scoil i gConamara, dhá scoil i Maigh Eo, dhá scoil i gCorcaigh agus scoil amháin i gCiarraí. Fuair muid deis suí síos agus labhairt le daoine óga, ceisteanna a chur orthu agus a gcuid tuairimí a bhailiú. Chomh maith leis sin----
No comments