Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tuigeann muid é sin. Dar liom, an bealach is fearr le tabhairt faoi ná é a leagan amach i bprionsabal sa Roinn go mbeidh cúnamh ar fáil dá leithéid. Bhí sé sin glactha leis agus sin an fáth go gcuireadh an t-airgead ar fáil don Cheathrú Rua. Ansin ba chóir dúinn a rá le gach pobal teacht ar aghaidh leis an moladh is ciallmhaire agus iad ag tógaíl shuíomh iomlán an phobail san áireamh. In áiteacha áirid, tá foirgintí ann nach bhfuil á n-úsáid. In áiteacha eile, tá seanfhoirgintí ag an údarás nach bhfuil á n-úsáid. Ní féidir é a leagan amach ar aon fhoirmle amháin, ach is féidir iad a chur ar fáil. Níl aon áit sa tír nach bhfuil foirgintí a bhféadfaí a chur ar fáil do na daoine óga ach an toil a bheith amháin chuige agus an polasaí.

Má tá muid dáiríre faoi thodhchaí na Gaeltachta, b'fhéidir é seo an lá is tábhachtaí a rabhamar anseo fós mar is daoine óga atá i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.