Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 October 2017
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
1:30 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Baineann an clár seo le comhoibriú Thuaidh-Theas agus leis an bhForas Teanga. Tá an Foras Teanga ar cheann de na sé chomhlacht forfheidhmithe a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999. D'éirigh liom €750,000 breise a fháil curtha san áireamh sna Meastacháin Athbhreithnithe do 2017 don Fhoras Teanga. Tá tograí éagsúla ar a gcaithfidh Foras na Gaeilge an t-airgead breise sin ceadaithe agam i mbliana. San áireamh anseo, tá an costas a bhaineann le bogadh na heagraíochta go dtí ceannáras nua ar Shráid Amiens agus tuigtear dom go bhfuil an foras istigh sa bhfoirgneamh úr cheana féin.
No comments