Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá ceist an-sciobtha amháin eile agam. Is ceist fíor-thromchúiseach í seo. Tá go leor de na daoine seo taobh amuigh den Ghaeltacht incheaptha ar bhord an údaráis. Is seafóid é caint ar sábháil airgid, go mórmhór nuair a mhéadaigh an Rialtas deiridh go leor de na comhairlí contae. Tá líon na gcomhaltaí ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe, mar shampla, méadaithe ó 30 ball go 39 ball. Tá 18 ball ar Chomhairle Chathrach na Gaillimhe, seachas 15 ball roimhe seo. Tharla an rud céanna ar fud na tíre. Mar sin, níl leithscéal ar bith ag an Rialtas don bhúistéireacht a rinne siad ar an údarás. Ní féidir a rá gur sábháil airgid a bhí i gceist. Chosnaigh sé €100,000 an toghchán a rith uair i ngach cúig bliana. An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit treoirlínte a eisiúnt don chomhairle chontae maidir leis an gcineál cáilíocht riachtanach go mbeadh ag duine sular ndéanfar é nó í a ainmniú le bheith ceaptha ar bhord an údaráis? Ba cheart go mbeadh a fhios ag na baill cén cineál rud-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.