Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Bhí comhrá dearfach againn sa Seanad nuair a d'ardaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh an cheist seo an tseachtain seo caite. Bhí comhrá tábhachtach againn faoi na fáthanna a bhfuil daoine áirithe ag iarraidh na suíocháin seo a fháil. Bhí sé socraithe i reachtaíocht na bliana 2012 go laghdófar baill an údaráis ó 20 ball go 12 ball, agus bhí comhaontú sa chomhthéacs sin. Ní bheidh an costas níos mó. Ní hé nach raibh bord an údaráis ag obair. I mo thuairim, bhí sé ag obair go breá. Tá suas le ceithre scór duine ag obair leis an údarás. Tá Comhairle Chontae Chiarraí, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Chontae Dhún na Gall freagrach as na hainmniúcháin a dhéanamh. Tá Comhairle Chathrach agus Chontae Phort Láirge, Comhairle Chontae na Mí agus Comhairle Chontae Chorcaí ag obair le chéile chun ainmniúchán amháin a dhéanamh. Tá sé socraithe i nDún na nGall comhghleacaí de chuid Cathaoirleach an choiste seo, John Sheamais Ó Fearraigh, a aimniú. Tá ceapachán úr déanta i nGaillimh fosta. Tuigim gur comhghleacaí de chuid an Teachta Ó Cuív atá i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.