Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Okay. Tá sé sin go maith. Thug an Rialtas gealltanas don phobal ar fad i gclár an Rialtais go gcuirfear breis infheistíochta ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tugadh an gealltanas céanna d'Fhianna Fáil sa socrú muinín agus soláthar eadrainn, a chlúdaíonn trí bhuiséad. Is gearr go mbeidh péire dóibh caite. Laghdú airgid a bhí i gceist go dtí seo. Ba mhaith liom ceist ghinearálta a chur ar an Aire Stáit faoi seo. An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas seasamh lena ngealltanais, nó an gciallaíonn gealltanais aon rud? Iarraim ar an Aire Stáit gan easpa airgid a lua sa chomhthéacs seo. Tá níos mó airgid á chaitheamh againn anois ná mar a bhí á chaitheamh sa bhliain 2007, am a deirtear go rabhamar an-fhlaithiúil leis an airgead. Dháileadh i bhfad níos mó airgid don Ghaeltacht agus don Ghaeilge an tráth úd ná mar atá á chur fáil i láthair na huaire. Chiallódh €5 mhilliún 0.008% de chaiteachas an Rialtais. An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit agus a chomhghleacaithe seasamh leis an ngealltanas a thug siad maidir le breis infheistíochta a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht i dtéarma an Rialtais seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.