Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, chuir mé ceist parlaiminte ar an Aire maidir le caipiteal le cúpla mí anuas chun an t-eolas a fháil an bealach sin. Tá sé dhá bhliain ó fograíodh airgead agus ó cuireadh airgead ar fáil do ché Inis Oírr. Cén dul chun cinn atá déanta ag réiteach pleananna don cé agus cén uair a bhfuil súil anois go dtosófar ar tógáil an síneadh atá le cur leis an gcéibh sin? Cén dul chun cinn atá déanta maidir le cé Inis Meáin? Tá obair beag go maith le déanamh ansin. Rinneadh an obair mhór nuair a bhí mise mar Aire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.