Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá mé sásta é sin a dhéanamh. Maidir leis an scéim caipitil, bhí ceist faoin obair atá de dhíth i Machaire Rabhartaigh agus bád úr a thógáil go Toraigh. Thosaigh an comhrá maidir le Machaire Rabhartaigh agus tá réamhobair de dhíth ar dtús. Beidh agus tá airgead ar fáil fá choinne an obair atá de dhíth roimh an infheistíocht sa ché a dhéanamh. Maidir leis an bád a thógáil, bhí mise sásta leanúint ar aghaidh le muintir Thoraí agus bhí cruinniú dearfa againn coicíos ó shin. Rinneadh cinneadh ag an chruinniú sin agus bhí siad sásta leis an bhealach seo chun dul ar aghaidh. Tá mise agus mo chuid oifigigh sásta leanúint ar aghaidh leo fá dtaobh den bád úr a thógáil do Thoraigh. É sin ráite, ó thaobh an ruda is mó a bhí de dhíth, thar na blianta a chuaigh thart bhí an comhairle contae ag déanamh dreidireachta i gcé Mhachaire Rabhairtaigh agus bhí muintir Mhachaire Rabhartaigh agus muintir an oileáin ag rá i gcónaí gurb é seo bealach diúltach don airgead a chaitheamh bliain i ndiaidh bliana. Tá mise sásta go bhfuil obair de dhíth ar ché Mhachaire Rabhartaigh.

Gabhaim m'aitheantas do na dreamanna deonacha, na dreamanna a bhí ag obair thar na blianta air seo, agus na hiascairí fosta. Tá bearna mhór ann maidir leis an togra sin. Tá mé ag obair leis an chomhairle contae fosta. Níl an bealach do Thoraigh cosúil leis an bealach go dtí aon oileán eile mar gheall ar an aimsir, na céanna agus an fharraige. Tá mé ag éisteacht leis an imní atá sa chomhrá anois. Beidh comhrá de dhíth le mo chuid oifigigh fosta.

Maidir leis an breis airgid agus infheistíochta an bhliain seo chugainn, níl mise ábalta a rá aon rud faoin bhuiséad an tseachtain seo chugainn. Lena bheith ionraic agus mar a dúirt an tAire, an Teachta Heather Humphreys, níl airgead ag fás ar na crainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.