Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 October 2017
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
1:30 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Níl na sonraí sin ceart. Táim ag freagairt na ceiste agus ag tabhairt an eolais atá agam. Arís, chuaigh €1.5 milliún chuig an údarás le caitheamh ar a tograí fostaíochta agus chuaigh €500,000 le haghaidh na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta le caitheamh ar thograí caipitil teanga agus pobail. Níl aon chuid den airgead sin le caitheamh ar bhóithre. Tá scéim eile do bhóithre fógartha ag an Aire, an Teachta Michael Ring, agus gheobhaidh an Ghaeltacht cuid de sin. B'fhéidir go mbeidh sonraí de dhíth fadúda an t-eolas agus na sonraí atá ag an Teachta ach táimse ag rá nach bhfuil na sonraí sin ceart.
No comments