Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá go leor ceisteanna agam. Thug mé faoi deara, agus mé ag léamh an cháipéis a chuir an Roinn ar fáil, go bhfuil sé i gceist ag an Roinn tacú le clár straitéiseach bóithre i gceantair Gaeltachta i mbliana - as seo go deireadh na bliana - as sábháil airgid a bhaineadh amach. An bhféadfadh an tAire Stáit a rá liom cén uair a fhogrófar é seo agus cén uair a iarrfar ar iarratais? Cé mhéad airgid a bheidh i gceist? An bhfuil sé muiníneach go mbeidh an t-airgead caite agus na sonraisc faighte roimh deireadh na bliana?

Ó ceapadh an Teachta mar Aire Stáit sa Roinn, cé mhéad atá ceadaithe aige nó fógartha aige as airgead rannóg Gaeilge, Gaeltachta agus oileán na Roinne do thograí caipitil i dTír Chonaill agus sna contaetha eile? Mura bhfuil an t-eolas faoina lámh ag an Aire Stáit b'fhéidir go b'fhéadfadh sé socrú leis an rúnaí cúnta atá taobh leis iad a chur chugam. Rinne an tAire Stáit fógra i leith Céibh Mhachaire Uí Rabhartaigh le gairid. Cén uair a bhfuil súil tosú ar an tógáil agus ar obair fhisiciúil ar an talamh i dtaca leis an iarratas sin? D'fhógair sé go bhfuil sé i gceist bád a thógáil ag an Roinn le seirbhís a chur do Thoraigh. An bhfuil sé i gceist an polasaí céanna a leanúint i gcás éileamh ó na hoileáin eile ar fud an chósta? Cé mhéad airgid a cuireadh ar leataobh le haghaidh an togra sin?

Mar is eol don Aire Stáit, bhí geallúint i gclár an Rialtais go mbeadh breis infheistíochta ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Laghdú €4 milliún a tháinig idir 2016 agus 2017. Táimid €4 milliún taobh thiar seachas píosa ar aghaidh. An bhfuil an tAire Stáit muiníneach go mbeidh airgead breise, mar atá iarrtha ag Teachtaí Dála sa Teach seo, ag eagraíochtaí Gaeilge agus ag pobal na Gaeilge, de thart ar €5.3 milliún ar fáil an bhliain seo chugainn?

Chomh maith leis sin, tá cás faoi leith déanta ag na comharchumainn Gaeltachta. Bhí mise i mo bhainisteoir comharchumainn blianta fada ó shin. Chaith mé 18 bliain i mbun na hoibre sin. Is ceann de na jabanna is deacra gur féidir a dhéanamh é. Murach na comharchumann i go leor de na pobail atá thar a bheith scaipthe, ní bheadh aon fhorbairt déanta. An bhfuil an tAire Stáit ag breathnú go fabhrach ar iarratas na gcomharchumann ar €600,000 breise in aghaidh na bliana mar chéad chéim le iad a thabhairt suas ar aon leibhéal leis na community development projects atá á maoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail?

Tá roinnt ceisteanna sonracha ansin. Beidh mé ag tnúth le freagraí an Aire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.