Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Mar eolas don Chathaoirleach, tá brú ama orm agus beidh orm imeacht faoi cheann deich nóiméad nó mar sin. Tá brón orm faoi sin roimh ré. Tá cúpla ceist tapa agam ar an mír seo. Tá siad paróisteach ar bhealach amháin. Tá cainteanna fós ar siúl idir an Roinn agus Comhairle Contae na Gaillimhe faoi na staidéir atá le déanamh ar an N59. An bhféadfadh an tAire nó an tAire Stáit tuairisc a thabhairt dúinn ar an chaiteachas breise a bheidh ann as seo go deireadh na bliana? An bhfuil na staidéir sin gar do bheith réidh? An bhfuilimid dóchasach go bhfaighimid réiteach ar na fadhbanna atá ann idir an bóthar nua agus cúrsaí dúlra?

Tá an Roinn tar éis €4 milliún a chur i leataobh le haghaidh cúiteamh ó thaobh na bportach. Cá seasaimid ó thaobh na bportach sin agus an t-aighneas ar fad a bhí ann maidir le lucht bainte móna? An bhfuil na deacrachtaí ar fad sáraithe? An bhfuil tuilleadh airgid le chur i leataobh an bhliain seo chugainn le haghaidh cúitimh? Cá seasann na comhráite sin i láthair na huaire?

Tá an chéad ceist eile cosúil leis an ceist dheireanach. Muna bhfuil an freagra ag an Aire ná an Aire Stáit inniu, b'fhéidir go gcuirfeadh siad an t-eolas ar aghaidh chugam. An bhfuil oifigeach oidhreachta i ngach údarás áitiúil? Má tá, an bhfuil siad ar fad fostaithe go lán-aimseartha le plé le cúrsaí oidhreachta sna húdaráis áitiúla?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.