Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá brón orm nach raibh mé i láthair do thús na díospóireachta ach bhí mé sa Seanad. Ag leanacht leis na ceisteanna a bhí ag an Seanadóir Warfield maidir le Gaillimh, luaigh an tAire féin an bhliain cultúrtha 2020 atá ar bun i nGaillimh. Tá roinnt ceisteanna ardaithe agamsa maidir leis seo. An mbeadh an tAire in ann soiléiriú a thabhairt dúinn faoi cé mhéad airgid go díreach a mbeidh an Roinn ag tabhairt do Chultúr 2020 sa bhliain atá romhainn? Tá roinnt postanna líonta i gCultúr 2020: tá tionscnamh le haghaidh an stiurthóir ealaíona agus an riarthóir airgeadais, mar shampla. Tá scálaí pá go €130,000 in aghaidh na bliana ag duine amháin agus €120,000 ag an duine eile, de réir mar a thuigim. B'fhéidir go bhfuil costais sa bhreis air sin. An bhuil an Roinn sásta nach bhfuilimid ag íoc an iomarca le daoine? Tá airgead gann ar an talamh ó thaobh cúrsaí ealaíona i nGaillimh de. An bhfuil an Roinn dearfach agus dóchasach go bhfuil an t-airgead agus an maoiniú a bheas ag teastáil le haghaidh na dualgais a bheas ar an togra 2020 ar fáil, sé sin an maoiniú eile ó na foinsí eile ar fad? Tá sé ráite nach bhfuil an oiread sin airgid ag teacht ón Eoraip. Cé go dtagann an t-aitheantas ón Eoraip go bhfuil an branda sin ag Gaillimh, tá sé ráite nach bhfuil airgead nó maoiniú mór mílteach i gceist agus go bhfuil an togra ag brath ar fhoinsí maoinithe eile. Ón plé atá déanta le muintir Cultúr 2020 i nGaillimh, an bhfuil an Roinn sásta go mbeidh an t-airgead eile sin ar fáil?

Tá ceist eile agam maidir leis na hoifigí ealaíona sna comhairlí contaetha agus na húdaráis áitiúla. An bhfuil oifigeach ealaíona lán-aimseartha i ngach comhairle contae ag an pointe seo? Muna bhfuil, cén fáth nach bhfuil?

Tuigim gur chuir cuid de na comhairleoirí contae an t-oifigeach ealaíon ag déanamh obair eile de bharr easpa foirne nuair a bhí an ghéarchéim airgeadais ann. Ar cuireadh ar ais duine lán-aimseartha ag plé le cúrsaí ealaíon i ngach comhairle contae agus comhairle cathrach?

Ceist eile i nGaillimh a bhain go leor cainte agus atá fós ag tarraingt cainte ná an Picture Palace - an t-ionad scannánaíochta nua. Tuairiscíodh arís an tseachtain seo go ndeachaigh an togra sin €2 mhilliún thar buiséad ach tá sé fós le hoscailt. Ag an bpointe seo, cá seasann an Roinn air sin? An bhfuil iniúchadh á dhéanamh ag an Roinn maidir leis an ró-caiteachas a rinneadh agus na deacrachtaí a bhain leis an togra sin? An bhfuil na socruithe airgeadais anois daingean agus an leanfaidh an togra sin ar aghaidh?

Bhí locht faighte ar chuid de na heagraíochtaí cultúir maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhí cuid acu ag diúltú daoine a fhostú agus ag diúltú cloí le forálacha áirithe agus treoracha a bhí an Coimisinéir Teanga ag tabhairt dóibh. Tá mé ag ceapadh go raibh deacrachtaí san Ard-Mhúsaem, mar shampla. An bhfuil an tAire sásta go bhfuil na forais chultúrtha atá faoina scáth agus a cúram ag comhlíonadh Acht na dTeangacha Oifigiúla mar is ceart?

Ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí ealaíon, an bhfuil an tAire sásta go bhfuil na heagraíochtaí atá faoina scáth ar nós Amharclann na Mainistreach agus dreamanna eile a bhfaigheann maoiniú airgeadais ó thaobh cúrsaí ealaíon de ag déanamh a ndóthain ó thaobh ealaíon trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn? Mar shampla, bhí Amharclann na Mainistreach ann agus ar feadh na blianta ar fad ní dhearna sí dráma amháin as Gaeilge ar stáitse na Mainistreach. Tuigtear dom go bhfuil pleananna anois ann go mbeidh níos mó ag tarlú. Céard faoi na heagraíochtaí cultúir eile atá ag fáil maoiniú maith go leor ón Roinn? An bhfuil siad ag comhlíonadh a ndualgas maidir leis an gcéad teanga oifigiúil agus a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge?

Molaim an t-airgead atá an Comhairle Ealaíon ag tabhairt d'Ealaín na Gaeltachta i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta. An bhfuil na hAirí in ann deimhniú go leanfaidh sé sin ar aghaidh agus b'fhéidir go dtiocfaidh méadú fiú ar an méid sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.